Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i mBéal an Mhuirthead – Iúil 2012

20 Iúil, 2012

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord an Údaráis inniu i mBéal an Mhuirthead, phlé an Bord an Bille Gaeltachta atá imithe trí Thithe an Oireachtais an tseachtain seo. Tugadh le fios don Bhord go mbeidh feidhmeannaigh an Údaráis anois ag dul i mbun plé le Roinn na Gaeltachta le plean feidhme agus clár oibre a aontú le tús a chur le comhordú ar an phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht faoi mar atá molta sa Bhille Gaeltachta.

Threisigh an Bord an tábhacht atá le maoiniú cuí a bheith ar fáil do chúraimí forbartha fiontraíochta an Údaráis ar mhaithe le pobal na Gaeltachta a bhuanú agus a shlánú sa todhchaí. Cuireadh béim chomh maith ar an tábhacht go gcuirfí acmhainní foirne agus buiséad riachtanach ar fáil don Údarás do chuspóirí pleanála teanga, forbartha pobail agus forbartha fiontraíochta sa Ghaeltacht.