Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i Maigh Cuilinn

5 Meitheamh, 2014

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i Maigh Cuilinn inniu (30 Bealtaine) ceadaíodh líon tograí ina mbeifear ag súil go gcruthófar os cionn 80 post nua nuair a bheidh na tograí faoi lán seoil. Tá infheistíocht iomlán de €3.7 milliún (idir na comhlachtaí agus an tÚdarás) beartaithe sna tograí seo agus beidh tuilleadh eolais ar fáil fúthu in am trátha. Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D.,
“Cuirim fáilte roimh an dea-scéal go bhfuil tograí éagsúla ceadaithe ag bord an Údaráis inniu agus beidh mé ag súil na torthaí infheistíochta agus fostaíochta a fheiceáil ar an talamh sa Ghaeltacht in am trátha.”

Ghuigh Bord an Údaráis chuile rath ar Chomórtas Peile na Gaeltachta 2014 agus ar a lucht eagraithe, Cumann Lúthchleas Gael Mhaigh Cuilinn. Dúradh gurb é Comórtas Peile na Gaeltachta an t-aon chomórtas ilghaeltachta ina ndéantar ceiliúradh ar ár ndúchas agus ar ár dteanga trí iomaíocht chluichí Gaelacha. Tugann an Comórtas Peile deis do phobail, pobail atá réasúnta beag go minic, tabhairt faoi dhúshláin eagrúcháin babhtaí náisiúnta a eagrú. Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh ag an Chomórtas agus nasc cruthaithe aige anois le himreoirí agus lucht leanta as Baile Átha Cliath, Béal Feirste agus Londain.