Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne

1 Samhain, 2013

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i gCill Airne inniu (1 Samhain) ceadaíodh líon tograí ina mbeifear ag súil go gcruthófar 50 post nua nuair a bheidh na tograí faoi lán seoil. Beidh eolas ar fáil faoi na tograí seo in am trátha.

Pléadh buiséad 2014 don Údarás i gcomhthéacs an tsoláthair airgid a fógraíodh sa Cháinaisnéis le gairid. Tugadh le fios don Bhord go mbeidh ciorrú de 12% ar an bhuiséad atá dírithe ar gníomhaíochtaí forbartha teanga, cultúir agus pobail agus ciorrú de 5% ar an bhuiséad caipitil atá dírithe ar fhostaíocht a chur chun cinn agus an t-infreastruchtúr gnó a uasghrádú agus a fhorbairt sa Ghaeltacht. Léirigh an Bord a ndíomá agus a n-imní faoi na ciorruithe seo agus threisigh siad arís an tábhacht atá le soláthar airgid riachtanach a chur ar fáil don Údarás le tacú leis an eagraíocht a fheidhmeanna cothaithe teanga agus cruthaithe fostaíochta a chur chun cinn.

An Marglann, Gleann Cholm Cille
Tugadh le fios don Bhord go bhfuil an obair athchóirithe a bhí beartaithe ar an sean mart (An Marglann), foirgneamh de chuid an Údaráis i nGleann Cholm Cille, críochnaithe ar chostas iomlán de €150,000. Aontaíodh spás oibre in Aonad B, An Marglann a chur ar fáil do Chairdeas na bhFidléirí sa Mharglann. Tá pleananna á bhforbairt ag Cairdeas na bhFidléirí le hIarsmalann Ceoil Traidisiúnta Thír Chonaill a bhunú i nGleann Cholm Cille ina mbeidh lárionad míniúcháin dírithe ar gach gné de cheol, d’amhránaíocht agus de dhamhsa traidisiúnta Dhún na nGall.

Ceadaíodh an spás in Aonad A, An Marglann a ligean ar léas le Club Óige Ghleann Cholm Cille le cuidiú leo áiseanna agus gníomhaíochtaí óige a sholáthar sa cheantar.

Club Dornálaíochta agus Aclaíochta Chonamara Teo, Casla, Co. na Gaillimhe
Aontaíodh spás breise a chur ar fáil do Chlub Dornálaíochta agus Aclaíochta Chonamara Teo atá lonnaithe i bhfoirgneamh de chuid an Údaráis ar Eastáit Tionscail Chasla agus caiteachas de €10,000 a sholáthar d’obair athchóirithe riachtanach.

Áras Éanna, Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
Ceadaíodh soláthar caipitil de €136,000 le hobair uasghrádaithe chun éifeachtúlacht fuinnimh a dhéanamh ar ionad ealaíne Áras Éanna in Inis Oírr.

Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo
Léirigh an Bord gur údar imní dóibh an cinneadh atá déanta, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo a scor, go háirithe i gcomhthéacs feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, agus go gcuirfear Aire Stáit na Gaeltachta ar an eolas faoin phlé a bhí ag an Bhord ar an ábhar.