Cruinniú de Bhord an Údaráis sa Daingean

20 Aibreán, 2012

nóiméad léite

Ag éirí as próiseas earcaíochta do phost Príomhfheidhmeannaigh ar Údarás na Gaeltachta, chinn Bord an Údaráis, Steve Ó Cúláin a cheapadh mar Phríomhfheidhmeanach ar Údarás na Gaeltachta, faoi réir socruithe conartha a bheith aontaithe. Tá Steve Ó Cúláin fostaithe faoi láthair san Údarás mar Ardbhainisteoir Pleanála agus Polasaí. Thosaigh sé ag obair le hÚdarás na Gaeltachta i 1980 agus tá taithí leathan aige ag plé le gníomhaíochtaí agus tograí éagsúla sna réimsí forbartha gnó, turasóireachta cultúrtha, forbartha pobail, teanga agus cultúr ar fud na gceantair Ghaeltachta. Is as Bothúna, An Spidéal ó dhúchas é.

Agus é ag fógairt an cheapacháin inniu, ghlac Cathaoirleach an Údaráis, Liam Ó Cuinneagáin buíochas le Seán Ó Labhraí a d’fheidhmigh mar Phríomhfheidhmeannach Gníomhach le tréimhse 16 mí anuas.

Ag an chruinniú Bord ceadaíodh líon tograí ina mbeidh 73 post nua agus infheistíocht iomlán de €3.6m i gceist nuair a bheidh na forbairtí iomlán curtha i gcrích. Cuirfear tuilleadh eolais ar fáil faoi na forbairtí seo in am trátha.

Lena chois sin,

  • cheadaigh an Bord deontas reáchtála €600,000 do Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo le cómhaoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an chomhlachta. Déanann Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo 72 naíonra, ar a bhfreastalaíonn 984 páiste a bhainistiú agus a riaradh. Tá 127 stiúrthóir fostaithe ag an chomhlacht.
  • ceadaíodh deontas reáchtála nach mó ná €285,000 d’Óige na Gaeltachta Teo le tacú leo a gclár imeachtaí a chur i bhfeidhm. Cuireann Óige na Gaeltachta seirbhísí tacaíochta, forbartha, monatóireachta agus árachais ar fáil do chlubanna óige agus do ghrúpaí pobail.