Cruinniú Boird Údarás na Gaeltachta sna Forbacha

20 Meán Fómhair, 2013

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha inniu (20 Meán Fómhair 2013) ceadaíodh líon tograí ina mbeifear ag súil go gcruthófar 158 post nua lánaimseartha nuair a bheidh na tograí faoi lán seoil. Beidh infheistíocht iomlán de €10 milliún i gceist sna tograí seo (óna comhlachtaí agus an tÚdarás) agus tabharfar breis eolais fúthu seo in am trátha.

D’fháiltigh Bord an Údaráis roimh fhógra a rinne Aire Stáit na Gaeltachta níos luaithe an tseachtain seo go bhfuil na Rialacháin sínithe aige chun na critéir pleanála teanga a fhorordú faoi Acht na Gaeltacht, 2012. Is céim eile í seo i dtreo iomlánú an phróisis chun tús a chur le fógairt na Limistéir Pleanála Teanga sa Ghaeltacht, na mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus na Líonraí Gaeilge. Tá feidhmeannaigh an Údaráis ag obair i gcomhar leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Foras na Gaeilge leis an chéad chéim eile den phróiseas a ullmhú agus beidh sé seo á fhógairt faoin cheann míosa.

Tugadh le fios fosta ag an chruinniú go bhfuil tús á chur le Dioplóma i mBuanú agus i bPleanáil Teanga Dé Sathairn seo (21 Meán Fómhair). Tá os cionn 50 duine cláraithe don chúrsa atá á thairiscint ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.