Comórtas Fiontraíochta na Scoileanna

3 Aibreán, 2008

nóiméad léite

Ag ócáid a bhí ar siúl in Óstán na Páirce inné, Dé Céadaoin, 2 Aibreán 2008, bhronn Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin, na duaiseanna ar bhuaiteoirí Réigiún an Iarthair sa Chomórtas Fiontraíochta do Scoileanna 2007 a d’eagraigh Údarás na Gaeltachta. Seo a leanas na buaiteoirí:

An chéad áit: Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal €1,000
Togra: Táirgí CCM Teo (cártaí Nollag agus féilirí)

An dara háit: Coláiste Cholm Cille, Indreabhán €500
Togra: Clúdach Cluitéireachta

An tríú háit: Gairmscoil Éinne, Inis Mór €250
Togra: Maisiúchán Árann

Is comórtas fiontraíochta é seo atá dírithe ar scoileanna dara leibhéal sna Gaeltachtaí ag a bhfuil sé mar aidhm spiorad na fiontraíochta a chothú i measc daltaí agus foghlaim ón bpróiseas.

Chun a bheith páirteach bíonn ar scoláirí gnó a bhunú, plean gnó cuimsitheach a chur le cheile, an gnó a rith, tuairisc a scríobh ar an ngnó agus seastán eolais a shocrú suas sa taispeántas réigiúnach.

Cuirtear béim ar leith sa chomórtas ar nuálaíocht, ceangal leis an gceantar, feidhmiú an ghnó agus caighdeán an taispeántais.

Ghlac 12 grúpa as 7 scoil páirt sa chomórtas i Réigiún an Iarthair.