Comórtas Fiontraíochta do Scoileanna Dara Leibhéal

5 Bealtaine, 2009

nóiméad léite

Ag ócáid a bheidh ar siúl in Óstán na Páirce, An Spidéal Déardaoin, 7 Bealtaine 2009 ón 10:00 r.n. go 2:30 i.n., bronnfaidh Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, na duaiseanna ar bhuaiteoirí réigiún an Iarthair sa Chomórtas Fiontraíochta do Scoileanna Dara Leibhéal Gaeltachta.

Tá iarracht leanúnach á dhéanamh ag an Údarás chun spiorad na fiontraíochta a chothú i measc daltaí agus is chuige sin eagraítear an comórtas seo ar bhonn réigiúnach go bliantúil.

Tá 17 grúpa ar fad as naoi scoil i nGaillimh agus Maigh Eo ag glacadh páirteach sa chomórtas. Bíonn ar gach grúpa plean gnó a chur ar fáil, gnó a bhunú agus a rith, tuairisc a scríobh ar ghnó an chomhlacht samhailteach agus páirt a ghlacadh sa taispeántas a beidh ar siúl in Óstán na Páirce Déardaoin, tráth go roghnófar na buaiteoirí. Cuirtear béim sa chóras marcála ar nuálaíocht, ceangal leis an gceantar, feidhmiú an ghnó agus caighdeán an taispeántais.

Beidh trí dhuais ar fad le bronnadh, €1,000 don ghrúpa a thagann sa chéad áit, €500 don dara háit agus €250 don tríú áit.