Comórtais 2006 “Gníomh don Ghaeltacht” agus “An Bhaile Beo”

2 Deireadh Fómhair, 2006

nóiméad léite

Tá tús á chur inniu ag Údarás na Gaeltachta le moltóireacht ar chomórtais 2006 “Gníomh don Ghaeltacht” agus “An Baile Beo”. Is i nGaeltacht Mhaigh Eo a bheas an moltóireacht ar siúl an dá lá seo, ansin i nGaeltachtaí na Gaillimhe, Dún nGall, Port Láirge, Corcaigh, Ciarraí agus ag críochnú i gCo. na Mí.

Is í aidhm an scéim “Gníomh don Ghaeltacht”, ná coistí agus eagraíochtaí a ghríosadh chun tabhairt faoi fhorbairt ina gceantar féin. Tá duaischiste fhlaithiúil ar fáil tríd an scéim seo agus bíonn breis is seachtó eagraíocht agus coistí páirteach ann.

Baineann scéim An Bhaile Beo go hiomlán le cur chun cinn na turasóireachta chultúrtha sa Ghaeltacht agus is í príomh-sprioc na scéime ná íomhá agus cultúr Ghaelach gach sráidbhaile agus ceantar Ghaeltachta a neartú ionas go mbeadh sé follasach, don turasóir ach go háirithe, gur ceantar Gaeltachta atá ann. Tá duaischiste na scéime seo comhurraithe ag Údarás na Gaeltachta agus ag na comhairlí contae a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram.

Leanfaidh moltóireacht ar an dá chomórtas ar aghaidh as seo go deireadh na míosa agus bronnfar na duaiseanna i mí na Samhna.