Comhlacht margaíochta dhigiteach as Sasana le 125 post a chruthú i nGaoth Dobhair

18 Aibreán, 2016

nóiméad léite

D’fhógair an comhlacht margaíocht dhigiteach SLM Connect, atá bunaithe i Manchain, Shasana inniu (18 Aibreán) go mbeidh siad ag leathnú a gcuid oibríochtaí agus ag bunú gnó nua ar Pháirc Gnó Ghaoth Dobhair, sna Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall. Tá Údarás na Gaeltachta ag cur tacaíocht ar fáil don togra seo a chruthóidh 125 post nua.

Beidh an comhlacht nua, SLM Éire Teo., ag soláthar seirbhísí teagmhála agus réitigh próiseála gnó (BPO) dá gcuid cliaint ón aonad nua. Beidh SLM Éire Teo. ag díriú ar sheirbhísí idir-ghnólachtaí (B2B) agus seirbhís gnó go custaiméir (B2C) a chur ar fáil tríd gníomhaíochtaí margaíochta ón láthair i nGaoth Dobhair.

Bunaíodh SLM Connect i 2008 agus faoi láthair tá 130 duine fostaithe ag an chomhlacht ina ionad teagmhála i Manchain. Soláthraíonn an comhlacht seirbhísí réitigh teagmhála do roinnt comhlachtaí fón ghormshlise taobh istigh den earnáil BPO.

Deir Abdul Salam, bunaitheoir agus Príomhfheidhmeannach SLM Connect, “Tá fás substaintiúil tagtha ar ghnó SLM Connect le tamall anuas. Chruthaigh an ardú ar líon na conarthaí atá faighte againn dúshlán dúinn. Tá spás breise de dhíth orainn chun an gnó a fhás agus a leathnú. Scrúdaigh muid na roghanna éagsúla agus chinn muid go bhfuil Gaoth Dobhair oiriúnach don chéad chéim eile dar bhforbairt. Cuideoidh SLM Éire linn ár gcuid oibríochtaí a leathnú a thuilleadh, an gnó a fhás agus tabhairt faoi dheiseanna úra.”

Ag cur fáilte roimhe an fhógairt seo, dúirt an Aire Stát sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Joe McHugh, “Tá lúcháir mhór orm faoin fhógra seo atá déanta ag SLM Connect agus Údarás na Gaeltachta. Tá an fostaíocht a chruthóidh sé seo fíor thábhachtach agus is deá-scéal é do Ghaoth Dobhair agus an pobal máguaird.”

Beidh SLM Éire Teo. á bhainistiú ag James Moran as Dún na nGall, atá ag filleadh abhaile ó Shasana chun an gnó a rith. “Cuirfidh SLM Éire seirbhísí margaíochta dhigiteach ar fáil agus cruthóidh sé feachtais díolacháin agus margaíochta dár gcliaint. Ceann de na treochtaí is mó san earnáil seo faoi láthair ná an éileamh ó chustaiméirí a gcuid feidhmeanna margaíochta a cheannach isteach in áit na seirbhísí seo a fhorbairt go hinmheánach sa ghnó.” a dúirt sé.

“Tá an foirgneamh atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta beagnach réidh le siúl isteach ann. Is féidir linn ár gcuid riachtanais a chur isteach agus tosú i mbun gnó gasta go maith. Tá mé ag súil go mór leis an gnó seo a fhás sa cheantar seo.” a deir sé.

Deir Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, “Tá lúcháir orainn a bheith ábalta tacú le SLM Connect lena bplean chun gnó a chur i bhfeidhm. Tá an Údarás ag súil le bheith ag obair leis an chomhlacht sna míonna amach romhainn chun cuidiú leo dlús a chur lena bplean gnó agus a ngnó a dhaingniú i nGaoth Dobhair.”

Anuraidh, fógraíodh go mbeadh Údarás na Gaeltachta ag maoiniú straitéis forbartha fiontraíochta trí bliana le tacú le cruthú fostaíochta ar Pháirc Gnó Ghaoth Dobhair.

Deir Anna Ní Ghallachair, “Léiríonn an fógra seo inniu gur féidir le plean fiontraíochta, a bhfuil na acmhainní cuí curtha ar fáil dó, a bheith ina bhuntáiste do gach duine. Tá dul chun cinn suntasach déanta againn i dtaca leis na spriocanna a bhí leagtha síos sa phlean gníomhaíochta don cheantar. Tá muid anois ag feiceáil toradh na hoibre sin agus tá muid ag súil go mór leanúint leis an obair le baint amach na spriocanna a leag muid síos do chruthú fostaíochta a bhaint amach.”

Tá sé i gceist ag SLM Éire a bheith ag feidhmiú ón ionad nua an samhradh seo agus cuirfidh siad tús le próiseas earcaíochta go luath. Tá sé i gceist ag an comhlacht 25 duine a fhostú i dtús báire agus go dtiocfaidh méadú ar sin sna míonna amach romhainn.

Dúirt James Moran, Bainisteoir, “Cuirfidh muid tús le feachtas earcaíochta i gceann roinnt seachtainí. Beidh muid ag fógairt postanna do ghníomhairí um sheirbhís do chustaiméirí agus ionad glaonna. I measc na bpoist a bheidh á fhógairt beidh obair a bhaineann le oibríocht, rialú caighdeáin, acmhainní daonna agus traenáil, chomh maith le róil bainistíochta agus maoirseoireachta. Tá súil againn daoine a earcú a bhfuil scileanna nó taithí acu i gcúram custaiméirí agus seirbhísí teagmhála do chustaiméirí, ach fosta beidh muid ag cur traenáil dár gcuid féin ar fáil go hinmheánach.”

Deir Anant Parekh, Stiúrthóir Oibríochtaí, “Tabharfaidh SLM Éire deiseanna maithe dúinn chun an gnó a fhás agus cruthóidh sé deiseanna don ghnó agus don phobal áitiúil. Ón tacaíochta atá faighte againn ó rinne muid na chéad fiosrúcháin tá a fhios againn go bhfuil an cinneadh ceart tógtha againn.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Steve Ó Cúláin “Tá fógra an lae inniu mar thoradh ar straitéis forbairt fiontraíochta an Údaráis don cheantar fuinniúil Ghaeltachta seo. Guím gach rath ar SLM Éire agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le foireann an Údaráis as a dtiomantas i gcur chun cinn an togra seo.”