Comhlacht fíodóireachta, Stiúideo Dhún na nGall, ag forbairt margaí nua sainfheidhmeacha agus ag soláthar clúdaigh leapa, blaincéid agus cúisíní lámhfhite d’óstáin agus árasáin búitíc sa Ríocht Aontaithe agus san Eoraip

1 Meán Fómhair, 2016

nóiméad léite

Bhunaigh clann Donaghy Stiúideo Dhún na nGall (Darni Ceard Teo) i gCill Charthaigh beagnach 40 bliain ó shin leis an sprioc chun traidisiún lámhfhíodóireachta Dhún na nGall thiar theas a chothú agus a choimeád beo. Is é Kevin Donaghy, fíodóir agus sníomhaí nuálach, agus a bhean Wendy a bhunaigh an comhlacht tar éis dóibh bogadh go Cill Charthaigh ón Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí. Tá Stiúideo Dhún na nGall anois ag soláthar éadach agus teicstílí lámhfhite chuig margaí in Éirinn, an Ríocht Aontaithe, an tSeapáin, an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Lean Tristan Donaghy, mac le Kevin agus Wendy, lorg a thuismitheoirí agus tá sé freagrach as fás an chomhlachta. Dhaingnigh Stiúideo Dhún na nGall iad féin i margadh sainfheidhmeach ag soláthar clúdach leapa, blaincéid agus cúisíní do shraith óstán agus árasán sa Riocht Aontaithe, san Eoraip agus sa tSeapáin.

Deir Tristan, “Le tamall anuas tá forbairt déanta ar an líon táirgí atá á ofráil againn. Ta conarthaí leanúnacha againn anois d’óstáin sa Riocht Aontaithe, An Hág agus ar fud na hEorpa. Is iad éadach leapa agus cúisíní s’againne an chéad rogha do go leor óstán agus árasán sraithe, is margadh é a dhéanann suas 30% dár gcuid easpórtáil anois.”

“Tá ardú tagtha chomh maith ar an éileamh ó ghlúin níos óige fiontraithe Seapánacha ar fearr leo éadach agus oiriúintí lámhfhite Éireannacha. Tá muid ag fáil níos mó orduithe dár gcuid éadaí agus oiriúintí lámhfhite ó shiopaí búitíc agus ó chatalóga postdíolachán sa tSeapáin.”

Tá 15 fostaithe ag an gcomhlacht agus go dtí le gairid dhírigh siad ar tháirgí lámhfhite agus lámhchniotáilte a sholáthar do shiopaí ceardaíochta agus do shiopaí turasóireachta faoina mbranda féin, Studio Donegal.

“Tá mé den tuairim gur buntáiste é go bhfuil an stiúideo, an muileann agus an cheardlann ar oscailt do chuairteoirí agus turasóirí, agus go bhfuil cuireadh acu teacht agus ár gcuid áiseanna a fheiceáil dóibh féin. Ó Luain go Aoine is féidir na fíodóirí a fheiceáil ag obair agus feiceann siad dóibh féin conas agus cén áit a ndéantar gach rud. Díolann ár siopa réimse leathan bratóga bhréidín, éadaí fir agus mná, hataí agus oiriúintí chomh maith le holann ó Donegal Yarns agus éadaí cniotáilte comhaimseartha agus traidisiúnta.” A deir Tristan.

“Tá ár mbréidín fíor, lámhfhite, ar díol i siopaí ceardaíochta den chéad scoth ar fud an domhain. Gach rud a bhfuil lipéad Studio Donegal ar, tá sé lámhfhite i gCill Charthaigh. Tá éiteas an bhranda cothaithe againn, sé sin, gur muid an t-aon mhuileann lámhfhíodóireachta in Éirinn agus is é sin an sainmharc atá againn. Tá muid fós ag úsáid snáth baile, a dhéanann muid ar mhuileann sníomhacháin Victeoiriach. Baineann muid úsáid chomh maith as snáth a tháirgeann Donegal Yarns i gCill Charthaigh, a bhfuil réimse thar barr olann agus snáth acu.”

“Le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta thar na blianta le trealamh, margaíocht agus traenáil, bhí muid ábalta teacht ar mhargaí nua chun an branda a chur chun cinn agus cur leis an réimse táirgí a sholáthraíonn muid. Tá súil againn an cheardlann a mhéadú sa todhchaí chun go mbeidh spás do threalamh breise agus dá bharr seo go dtiocfaidh ardú ar tháirgiúlacht agus ar chúrsaí fostaíochta.”

“Faoi láthair tá muid dírithe ar fheasacht branda a mhéadú go domhanda trí uasghrádú a dhéanamh ar ár suíomh gréasáin. Tá súil againn leis seo go dtiocfaidh méadú ar dhíolacháin ar líne agus méadú ar láimhdeachas, agus as sin go mbeidh fostaíocht sa bhreis agus postanna á chothú agus á dhaingniú don todhchaí.” a deir Tristan.