Coiste Réigiúin Chonnacht Laighean

26 Deireadh Fómhair, 2007

nóiméad léite

Ag cruinniú míosúil de Choiste Réigiúin Chonnacht Laighean i gCorr na Móna ar an 25ú Deireadh Fómhair 2007, toghadh an comhalta Treasa Uí Lorcáin mar Chathaoirleach ar an gcoiste don tréimhse sé mhí romhainn.

Chas an Coiste Réigiúnach le hionadaithe ó Chomharchumann Dhúiche Sheoigheach (CDS) agus ó Choiste Pobail Chorr na Móna agus pléadh na hábhair seo leanas:

  • Gníomhaíochtaí éagsúla an Chomharchumainn.
  • Siúlóid Bhinn Sléibhe idir Corr na Móna agus An Fháirche atá beagnach críochnaithe.
  • Pleananna CDS le hOifigeach Teanga a fhostú le cuidiú le cur chun cinn na Gaeilge agus imeachtaí cultúrtha sa bpobal.
  • Moltaí Choiste Pobail Chorr na Móna maidir le forbairt agus athchóiriú a dhéanamh ar an halla pobail ansin.
  • Pleananna chun margadh feirme a reáchtáil i gCorr na Móna.

Ceadaíodh cúnamh do 11 togra éagsúil ag an gcruinniú. San áireamh anseo tá:

  • Coiste Forbartha Chorr na Móna chun cuidú leo iarratas pleanála a ullmhú i leith athchóiriú an Halla Pobail.
  • Gnó nua seirbhísí aistriúcháin atá le bunú ar an Spidéal.
  • Gael Linn atá le cúrsaí scannánaíochta agus Gaeilge a reáchtáil in Ionad Fiontraíochta na hEach Léime a bheidh dírithe ar scoláirí idirbhliana agus foghlaimeoirí Gaeilge idir daoine aonaracha nó grúpaí.

Tionólfar an chéad chruinniú eile den Choiste Réigiúnach i mBaile Chláir na Gaillimhe ar an 27ú Samhain 2007.