Cliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta ag tabhairt cuairte ar Philadelphia le margaí easpórtála a fhorbairt

12 Samhain, 2013

nóiméad léite

Beidh 6 chliantchomhlacht agus ionadaithe de chuid Údarás na Gaeltachta ag tabhairt cuairte ar Philadelphia ar 20-22 Samhain ar chuireadh ón Irish-American Business Chamber Network (IABCN). Beidh na comhlachtaí Gaeltachta ag glacadh páirte i misean trádála agus ócáid bholscaireachta atá eagraithe idir Údarás na Gaeltachta, an IABCN agus An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Thug an IABCN cuireadh don Údarás cuairt a thabhairt ar Philadelphia le roinnt dá chliantchomhlachtaí le cur i láthair a dhéanamh ar na deiseanna atá ar fáil do chomhlachtaí lonnú sa Ghaeltacht agus le hardán a thabhairt do chomhlachtaí Gaeltachta le margaí easpórtála nua a aimsiú agus a fhorbairt i Meiriceá. Is iad na cliant chomhlachtaí Firebird Teo agus Folláin Teo, Co. Chorcaí; Selc Teo, Co. Mhaigh Eo; CréVinn Teo agus CLS Teo, Co. na Gaillimhe agus Oileán Glas Teo., Co. Dhún na nGall a bheidh ag freastal ar an ócáid ghnó seo.

Dúirt Príomhfheidhmeanach an Údaráis, Steve Ó Cúláin, “Is deis iontach é an misean trádála seo, an Ghaeltacht mar ionad ghnó, a chur i láthair lucht gnó Philadelphia. Is deis é chomh maith do na comhlachtaí Gaeltachta teagmhálacha a chothú i Meiriceá le cuidiú leo a ndíolacháin easpórtála a mhéadú. Tugann an ócáid bholscaireachta seo seans dúinn freisin tógáil ar an obair chomhpháirtíochta atá ar siúl idir Údarás na Gaeltachta, Fiontraíocht Éireann agus an tÚdarás Forbartha Tionscail ar mhaithe le cúrsaí fiontraíochta agus fostaíochta a chur chun cinn sa Ghaeltacht.”

Tuilleadh eolais faoin siompóisiam thíos;