Casadh an chéad fhód ar Ionad Forbartha Gnó Charna

4 Feabhra, 2008

nóiméad léite

Chas an tAire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív, T.D., an chéad fhód ar shuíomh Ionad Forbartha Gnó Charna inniu. I láthair ag an ócáid bhí Príomhfheidhmeannach an Údaráis Pádraig Ó hAoláin, mar aon le feidhmeannaigh eile de chuid an Údaráis agus baill de choistí áitiúla.

Tá infheistíocht de os cionn €1.7 milliún á dhéanamh ag an Údarás sa bhfoirgneamh nua seo atá le tógáil ar Eastát Tionscail an Údaráis. Is foirgneamh dhá stór a bhéas sa bhforbairt ina mbeidh aonaid oifige d’ardchaighdeán, seomraí cruinnithe agus oifig fáiltithe.

Tá an tÚdarás dóchasach go gcuirfidh an tIonad Forbartha Gnó seo borradh faoi chúrsaí fiontraíochta agus fostaíochta agus go mbeidh tionchar dearfach aige ar eacnamaíocht an cheantair.