Branda nua do Ghaeltachtaí na hÉireann forbartha ag Údarás na Gaeltachta

25 Meán Fómhair, 2018

nóiméad léite

Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta agus Bláthnaid Ní Chofaigh, RTÉ a sheol an branda Gaeltacht na hÉireann, ag an imeacht seolta

Tá branda nua ‘Gaeltacht na hÉireann’ forbartha ag Údarás na Gaeltachta chun gur féidir ceantair Ghaeltachta na tíre agus feabhas a dtáirgí a chur chun cinn ar fud an domhain faoi aon bhratach amháin. Is éard atá i mBranda na Gaeltachta ná stampa aitheantais do gach rud a thionscnaítear sa nGaeltacht agus beidh mar léiriú físiúil ar an mbeocht, fiontraíocht, saibhreas cultúrtha, dúchas agus teanga uathúil atá sna réigiúin Ghaeltachta.

"Go bhfuil na táirgí á ndéanamh sa nGaeltacht, ag lucht saothair Gaeltachta agus ag tacú le geilleagar na Gaeltachta agus na gceantar máguaird.”

Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh

Sheol Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair, an branda nua inniu (24 Meán FMóair2018) ag ócáid sna Forbacha i gContae na Gaillimhe i gcomhair le cliantchomhlachtaí as chuile chontae Gaeltachta – Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge agus Co. na Mí. Ina measc, Folláin Teo., Táirgí Cáise Buabhall Mhaigh Chromtha Teo. (Macroom Buffalo Cheese), Nemeton, Criostal na Rinne agus Potadóireacht na Caolóige (Louis Mulcahy), Marine Harvest, Irish Seaspray, Randox Teo., chomh maith le comhlachtaí agus eagrais eile Gaeltachta.
Réigiún cruthaitheach bríomhar é an Ghaeltacht ó thaobh teanga, stair, cultúr, daoine agus tírdhreach de. Is áit tharraingteach í le maireachtáil inti, le dul i mbun oibre, gnó a lonnú nó teacht ar cuairt.
Léiríonn luachanna an bhranda Gaeltacht na hÉireann tréithe an réigiún sainiúil seo.

  • Dúchas
  • Ard chaighdeán
  • Pobal
  • Gaeilge
  • Bród
  • Cultúr

Beidh an branda mar acmhainn chun an Ghaeltacht, agus gach gné de shaol na Gaeltachta a chur chun cinn ar mhaithe le buanú phobal na Gaeltachta agus an Ghaeilge.

Forbraíodh an branda chun gur féidir an úsáid is fearr a bhaint as tréithe nádúrtha na Gaeltachta agus an poitéinseal is fearr a bhaint amach don réigiún ó thaobh forbairt acmhainní, cruthú fostaíochta agus infheistíocht shoghluaiste a mhealladh.

Is suaitheantas físiúil agus féiniúlacht aontaithe atá i lógó Ghaeltacht na hÉireann a chuideoidh leo siúd atá lonnaithe sa réigiún a scéal féin a insint agus aitheantas sainiúil a fhorbairt i margaí náisiúnta agus idirnáisiúnta a léiríonn gur de bhunús lán le saibhreas cultúrtha, le háilleacht nádúrtha, le spiorad chruthaitheach agus le meon nuálaíoch iad.
Beidh an lógó ar fáil do chomhlachtaí agus eagraíochtaí atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta le húsáid ar ábhair bholscaireachta agus ar a gcumarsáide bhrandáilte, ar ábhar margaíochta, ar na meáin ar líne agus na meáin chlóite, ar fhógraíocht, ar fhoirgnimh, ar phacáistíocht do tháirgí agus ar chultacha.

Ag seoladh an bhranda dúirt Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair, ‘Is féiniúlacht orgánach atá sa Ghaeltacht atá éasca a shamhlú le branda dá cuid féin. Mar gheall ar an oiread rudaí iontacha spreagúla atá ag tarlú sa réigiún speisialta seo, cúis áthais domsa agus don Bhord branda faoi leith a bheith forbartha ag Údarás na Gaeltachta le húsáid chun iontais an réigiúin seo a chur chun cinn ar fud an domhain.’

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh, “Tá an branda ar fáil do gach duine atá lonnaithe sa Ghaeltacht le húsáid- ár gcuid cliant, comhlachtaí Gaeltachta eile, eagraíochtaí pobail, an earnáil turasóireachta, na healaíona agus earnálacha eile. Beidh comhlachtaí agus eagraíochtaí ar mian leo an stampa formheasa seo a úsáid in ann é a chur ar a gcuid seirbhísí nó a dtáirgí lena chur in iúl dá gcuid custaiméirí go bhfuil na táirgí á ndéanamh sa nGaeltacht, ag lucht saothair Gaeltachta agus ag tacú le geilleagar na Gaeltachta agus na gceantar máguaird.”

Lógó
Na gnéithe a bhaineann leis an lógó:

  • Tarraingíodh an chlófhoireann den fhocal ‘Gaeltacht’ de láimh, agus mar sin is clófhoireann uathúil atá ann, an oiread leis an réigiún atá i gceist. Is clófhoireann nua-aoiseach atá ann chomh maith, ag teacht le Gaeltacht na hÉireann sa lá atá inniu ann.
  • Is clófhoireann níos traidisiúnta a úsáidtear do na focail ‘na hÉireann’, rud a chuireann ár n-oidhreacht i gcuimhne dúinn.
  • Seasann na trí chiorcal don trí ghné den bhranda seo – fiontraíocht, pobal agus teanga & cultúr.