BEO 2013 – Comórtas d’amhráin nuachumtha as Gaeilge

12 Meán Fómhair, 2013

nóiméad léite

Tá sé aontaithe ag Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta urraíocht agus tacaíocht a thabhairt do chomórtas BEO 2013 d’amhráin nuachumtha mar pháirt de cheiliúradh Bhliain na Gaeilge 2013.

Tá BEO ar siúl ó 2009 agus cuireadh tús leis le 4 aidhm bhunúsacha a bhaint amach.

  1. Ardán a thabhairt do bhannaí ceoil óga na hÉireann;
  2. Togra a chuir le chéile gur féidir a úsáid i rang scoile nó i gclubanna óige;
  3. Scileanna bainistíochta praiticiúla a theagasc do dhéagóirí;
  4. An Ghaeilge a chuir chun cinn.

Beidh comórtas BEO 2013 dírithe ar ghaelscoileanna agus ar mheánscoileanna ar fud na tíre chomh maith le clubanna óige, Cumainn Lúth Chleas Gael, Cumainn CCE, Ógras, FORÓIGE, Óige na Gaeltachta agus araile

Duaiseanna;
€3,000 don chéad áit
€1,000 don dara háit
€750 don tríú háit
€500 don ceathrú – ochtú áit.

Chomh maith le sin beidh na buaiteoir a roghnófar sa bhabhta ceannais ag dul amach ar cheirnín Sheachtain na Gaeilge 2014 le Raidío Rí Ra a bheas le fáil i gcóip de Foinse i Márta 2014 agus tá súil ardán a fháil do na buateoirí ar PONC XL lena chois.

An féidir linne cur isteach air?
Tá seo dírithe ar an aoisghrúpa 11 – 18 bliain d’aois. Fáiltítear roimh iarratais ó mheánscoileanna, gaelscoileanna, clubanna óige, coláistí samhraidh, clubanna CLG, cumainn CCÉ., Ógras, Spleodar, Foróige etc, ó thuaidh agus ó dheas, thoir agus thiar, a fhad agus go gcloítear leis an choinníoll i dtaobh aoise.
Caithfidh an t-amhrán bheith nuachumtha agus i nGaeilge.
Caithfidh gach iarrthóir bheith faoi 18 agus thar 11 ar an 30/10/13.
Is féidir meantóir thar 18 a úsáid le treoir agus comhairle a lorg
Ní thig leis an amhrán bheith níos faide ná 5 nóiméad.
Caithfidh an duine/grúpa bheith sásta an t-amhrán a chanadh beo ag an babhta ceannais den chomórtas.
Beidh ar gach iarratas físeán 10 nóiméad a dhéanamh ina bhfuil an t-amhrán á chanadh agus cur síos gearr déanta faoi scríobh an amhráin chomh maith le taifead de cheolchoirm a heagraíodh leis an t-amhrán a sheoladh go poiblí.
Iarrtar ort fosta cruthúnas a chur ar fáil maidir le hiarrachtaí ar bith atá déanta le poiblíocht a fháil don togra sna meáin shoisialta, ( Facebook, Twitter, na meáin etc).
Roghnófar 8 n-amhrán le páirt a ghlacadh i mbabhta ceannais na hÉireann.

Is togra do ghrúpa atá i gceist mar go mbeidh daoine éagsúil de dhíth le hamharc i ndiaidh na gníomhaíochtaí seo a leanas mar shampla.

a) Cumadh an amhráin
b) Ceol a chur leis
c) Físeán a ullmhú
d) Poiblíocht a fháil trí Twitter/Facebook
g) Cur i láthair a eagrú don bhabhta ceannais

Cur Chuige

1.Spriocdháta le iarratas a chlárú agus Físeán a sheoladh isteach: 10 Deireadh Fómhair
2.Babhta Ceannais na hÉireann: Le linn Scléip na hÓige ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne 31ú Deireadh Fómhair

Is feidir eolas breise agus foirm iontrála a fháil thíos;