Beidh Gaeltacht na Rinne ag glioscarnach sa Teach Bán ar Lá Fhéile Pádraig

14 Márta, 2017

nóiméad léite

Cliantchomhlacht Údarás na Gaeltachta ‘Criostal na Rinne’ a dhear agus a ghearr an babhla criostail a bhronnfar ar Uachtarán Mheiriceá ar Lá Fhéile Pádraig 2017

Ceardaí Gaeltachta, Eamonn Terry ó Chriostal na Rinne a rinne an babhla criostail ina bhronnfaidh an Taoiseach seamróg ar Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald J. Trump sa Teach Bán i Washington, Déardaoin, 16 Márta 2017.

Is cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, Criostal na Rinne, atá lonnaithe i nGaeltacht Phort Láirge ó 1987, a roghnaigh Oifig an Taoisigh i mbliana chun babhla criostail a dhéanamh agus is é Eamonn Terry, úinéir Chriostal na Rinne, a dhear agus a ghearr an babhla de láimh. Tá dearadh an bhabhla bunaithe ar Leabhar Cheanannais.

“Don phíosa speisialta seo atá fréamhaithe sa traidisiún, bhíos ag iarraidh na traidisiúin cheardaíochta áitiúla atá againn a chur os comhair an phobail trí tarraingt ar ár n-oidhreacht shaibhir. Tá súil agam nuair a chífidh daoine an babhla seamróige go mbeidh fonn orthu cuairt a thabhairt ar an stiúideo chun léargas a fháil ar an gceardaíocht a bhaineann leis an gcriostal snoite lámhdhéanta,” a dúirt Eamonn Terry.

Tá súil aige go gcabhródh an coimisiún seo le borradh a chur faoina cheird agus tuilleadh daoine óga a mhealladh chuici.

Deir Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Cuireann sé ríméad orainn go bhfuil stáitse domhanda á fháil ag scoth an táirge atá á chur ar fáil ag Eamonn agus Criostal na Rinne le fada an lá. Is léiriú é ar chaighdeán agus feabhas an táirge gur féidir é a sholáthar ó cheantair tuaithe chuig comhlachtaí ar fud an domhain le tacaíocht Údarás na Gaeltachta.”

D’fhoghlaim Eamonn Terry a cheird sa chomhlacht Waterford Crystal agus faoin am a bhunaigh sé a chomhlacht féin i 1987 bhí sé ina mháistircheardaí. Tá píosaí criostail coimisiúnaithe déanta cheana féin ag Eamonn Terry d’Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, don iar-Uachtarán Máire Mhic Giolla Íosa agus do Richard Daly, iar-Mhéara Chicago.