Bainisteoir Nua Cumarsáide agus Margaíochta ceaptha ag Údarás na Gaeltachta

26 Aibreán, 2006

nóiméad léite

Tá sé fógraithe ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil Siubhán Nic Grianna ceaptha mar Bhainisteoir Cumarsáide agus Margaíochta. Is as Rann na Feirste i nGaeltacht na Rosann i dTír Chonaill í Siubhán agus tá sí lonnaithe in Ardoifig an Údaráis sna Forbacha. Roimhe seo bhí sí fostaithe mar Fheidhmeannach Forbartha agus Turasóireachta in oifig réigiúnach Chonnacht-Laighin an Údarás agus chaith sí tréimhse dhá bhliain roimhe sin mar Feidhmeannach Margaíochta le fochuideachta turasóireachta an Údaráis, Imeachtaí GaelSaoire Teo.

Tá ceim B.A. sa Léann Eorpach aicí agus bhain sí céim mháistreachta amach sa Turasóireacht Idirnáisiúnta an bhliain seo caite in Ollscoil Luimnigh.