Arramara Teo ceannaithe ag Acadian Seaplants Limited

4 Iúil, 2014

nóiméad léite

Fógraíodh inniu (4 Iúil 2014) go bhfuil an comhlacht próiseála feamainn, Arramara Teoranta, atá lonnaithe i gConamara, anois in úinéireacht an chomhlacht idirnáisiúnta, Acadian Seaplants Limited.

Agus é ag fógairt úinéireachta nua Arramara Teoranta inniu, dúirt an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D, “Is céim dhearfach í seo. Cinnteoidh úinéireacht nua Arramara faoi Acadian Seaplants Limited todhchaí an chomhlachta i gConamara. Fáiltím roimh an fhógra atá déanta ag Acadian Seaplants inniu go bhfuil sé chun infheistíocht de €2 mhilliún a dhéanamh sa ghnó mar thús agus go ndéanfar infheistíocht eile sa todhchaí i ngníomhaíochtaí ar nós taighde, forbairt táirgí breisluacha, margaí, próisis nua agus caiteachas caipitiúil. Cinnteoidh an infheistíocht seo go mbeidh éileamh leanúnach ar sholáthar feamainne ó na bainteoirí áitiúla agus breis fostaíochta don cheantar.”

Mhol sé an obair atá déanta ag Údarás na Gaeltachta chun an próiseas straitéiseach seo a thabhairt chun críche agus dúirt sé go mbeadh an tÚdarás ag obair i gcomhpháirtíocht le Acadian Seaplants Limited leis an earnáil feamainne a fhorbairt ar mhaithe le pobal na Gaeltachta agus na páirtithe leasmhara go léir.

Ceannaíonn Arramara Teoranta feamainn ó bhainteoirí, déanann sé é thriomú agus a mhuilleáil agus a sholáthar do chomhlachtaí ar fud an domhain. Tá 20 fostaithe sa ghnó faoi láthair agus ceannaíonn an comhlacht feamainn ó os cionn 300 bainteoirí. Bhí Arramara Teoranta in úinéireacht Údarás na Gaeltachta ó 2006. In 2010 chuir Údarás na Gaeltachta tús le próiseas le páirtnéir straitéiseach a lorg d’Arramara Teoranta. Le todhchaí an chomhlachta a chinntiú, bhí gá saineolas agus infheistíocht a aimsiú a chuirfeadh ar chumas an chomhlachta forbairt a dhéanamh ar a ghnó agus tairgí breisluacha feamainn-bhunaithe a tabhairt chun cinn. Tar éis próiseas meastóireachta, cinneadh go nglacadh an comhlacht Acadian Seaplants Limited úinéireacht ar Arramara Teo.

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Tá tionscail na feamainne tábhachtach don Ghaeltacht agus na daoine a mhaireann inti le fada an lá. Creideann an tÚdarás go bhfuil gá anois le hinfheistíocht agus saineolas breise má tá an buntáiste is fearr le baint as an fheamainn do na glúin atá le teacht. Tá páirtnéir straitéiseach oiriúnach faighte anois in Acadian Seaplants Limited, a bhfuil sár-thaithí os cionn 30 bliain aige san earnáil seo. Cuirfidh an infheistíocht seo ar chumas Arramara Teo tionscail na feamainne a fhorbairt sa Ghaeltacht ar scála nach bhfacthas roimhe seo agus is cinnte go mbeidh luach saothar níos fearr le ghnóthú as an bhfeamainn agus breis fostaíochta a chruthú sa Ghaeltacht dá bharr.”

Dúirt an Príomhfheidhmeannach gur chuir an tÚdarás tús leis an phróiseas seo le todhchaí Arramara a chinntiú agus meastar go bhfuil an buntáiste eacnamaíochta is fearr faighte do na fostaithe, na bainteoirí, a sholáthróirí agus a chustaiméirí, agus dá réir go bhfuil an luach is fearr don Stát agus don phobal faighte faoin socrú seo.