Áras Chois Fharraige oscailte go hoifigiúil

26 Meitheamh, 2009

nóiméad léite

D’oscail An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív, T.D., Áras Chois Fharraige, An Spidéal, go hoifigiúil inniu (23 Meitheamh 2009).

Is teach altranais nua-aimseartha den scoth é Áras Chois Fharraige ina bhfuil 20,000 troigh chearnach de spás agus a tógadh in ionad an tsean fhoirgnimh a bhí ann, Teach Altranais an Chroí Rónaofa, a leagadh go talamh le gairid. Chinn na príomhaithe, Aidan agus Henrietta McGrath, athfhorbairt iomlán a dhéanamh ar an teach altranais le cloí le rialacháin éagsúla Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus le forbairt a dhéanamh ar an tseirbhís a bhí á chur ar fáil acu.

Tá an foirgneamh ar ardchaighdeán agus é go caighdeán HIQA (Health Information and Quality Authority, an t-eagraíocht atá freagrach as caighdeáin náisiúnta do sholáthar seirbhís cúram sóisialta agus sláinte a leagan síos), ina bhfuil áiseanna den chéad scoth á chur ar fáil ann agus a chuireann go mór le caighdeán saoil na n-othar. Tá ar chumas Áras Chois Fharraige freastal ar 42 othar in iomlán agus i láthair na huaire tá 26 cónaitheoir ann.

Ag labhairt dó ag an oscailt, dúirt an tAire Ó Cuív “Is iontach an áis í seo do phobal Chois Fharraige agus Chonamara trí chéile. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh cúram altranais den scoth trí mheán na Gaeilge ar fáil d’aosach na Gaeltachta nach bhfuil in ann cúram a fháil sa bhaile agus is cinnte go mbeidh sé sin le fáil acu in Áras Chois Fharraige”

Tá 16 duine fostaithe san ionad nua seo faoi láthair agus meastar go mbeidh suas le 30 duine fostaithe ann idir lánaimseartha agus pháirtaimseartha nuair a bheidh sé lán.
Rinneadh infheistíocht iomlán de €6m sa togra – chuir an tÚdarás deontas caipitil de €700,000 ar fáil agus tháinig an chuid eile den mhaoiniú ó na príomhaithe agus iasacht ón mbanc KBC Ireland Ltd.

Is é an comhlacht ailtireachta Niall J Kearns & Co, Gaillimh a dhear an foirgneamh agus rinne an comhlacht JJ Rhatigan an obair thógála.