Anailís ar Riachtanais Socheacnamaíoch agus Cultúrtha Ghaeltacht Mhúscraí

17 Meitheamh, 2008

nóiméad léite

Rinne Éamonn Ó Neachtain, Bainisteoir Réigiúnach Údarás na Gaeltachta, An Daingean, torthaí an tsuirbhé – Anailís ar Riachtanais Socheacnamaíoch agus Cultúrtha Ghaeltacht Mhúscraí – a sheoladh in Óstán Ghúgán Barra, i nGúgán Barra anocht (17/6/08).

Dhírigh an taighde, a bhí maoinithe ag an Údarás agus déanta i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Chorcaí, ar réimsí éagsúla de shaol Mhúscraí, ina measc, léargas ar staid fostaíochta an cheantair; an leibhéal cáilíochtaí agus scileanna atá ar fáil; staid agus úsáid na Gaeilge agus na riachtanais ó thaobh áiseanna sóisialta de.

Ag labhairt dó ag an seoladh, mhol Éamonn Ó Neachtain an pobal áitiúil as ucht a gcomhoibriú, rud atá léirithe ag an ráta ard freagartha – 98% den phobal áitiúil. Labhair sé ar an tábhacht atá le torthaí suirbhé mar seo a bheith ar fáil d’eagraíochtaí eile chomh maith leis an Údarás le tacú leo pleananna a chur i bhfeidhm dírithe ar riachtanais an cheantair, ar nós áiseanna cúraim leanaí mar shampla.

Ag caint ar chúrsaí fostaíochta, dúirt sé, “Cé go bhfuil an leibhéal fostaíochta atá sa cheantar an-sásúil faoi láthair, tá gá díriú ar na riachtanais athoiliúna, agus scileanna nua a fhorbairt dírithe ar fhostaíocht nua-aimseartha d’ardchaighdeán a mhealladh agus a chruthú. Mhaígh breis agus trí chéad duine áitiúil atá ina gcónaí taobh amuigh den cheantar faoi láthair gur mhaith leo bogadh ar ais dá mbeadh fostaíocht oiriúnach ar fáil dóibh agus tá os cionn céad duine tar éis clárú leis an Údarás agus a gcuid sonraí oideachais/taithí a chur ar fáil.”

Labhair sé chomh maith ar na dúshláin atá ann don teanga, “Cé go bhfuil bunshraith na teanga láidir go leor sa cheantar agus gur léirigh céatadán ard gur luachmhar leo an stádas Gaeltachta atá acu, is léir gur gá díriú ar thionscnaimh phleanála teanga a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar phríomhtheanga an cheantair agus an bhunshraith atá ann a láidriú ón líon daoine/eachtrannaigh atá bogtha isteach sa cheantar. Is gá bainistiú a dhéanamh ar úsáid na teanga i ngach réimse de shaol an phobail agus ceapaim go n-oirfeadh an ról pleanála agus bainistithe teanga seo don Chomharchumann nua.”