An chéad fhód a thiontú i dtogra €1.4 milliún i Rann na Feirste

28 Aibreán, 2008

nóiméad léite

Thiontaigh Bríd Anna Ní Bhaoill, Stiúrthóir Chlub Óige Rann na Feirste, an chéad fhód i bhforbairt togra Áislann Rann na Feirste, ar an 3.00i.n., 28 Aibreán 2008, i bPáirc Sheáin Néill, Rann na Feirste.

Beidh an tIonad úr seo a fhorbairt díreach trasna ó theach na scoile i Rann na Feirste agus nuair a bheas an tionscnamh seo críochnaithe beidh Ionad Acmhainne, Fiontair, Oidhreachta agus Pobail úr ar fáil do phobal an bhaile.

Foirgneamh dhá urlár atá i gceist le:

  • hIonad Acmhainne –seomra imeachtaí pobail
  • Seomra don naíonra agus aonad cúraim iarscoile
  • Siopa Tae/ Ceardaíochta
  • Oifig Eolais /Riaracháin,

agus ar an dara hurlár beidh:

  • Dhá ionad fiontraíochta/ oibre do ghnóthaí agus seirbhísí áitiúla
  • Ionad Staidéir/ Oidhreachta / Leabharlann.

Meastar go mbeidh infheistíocht de €1.4 milliún déanta san Ionad Acmhainne úr seo. Tá an togra seo a mhaoiniú ag An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Ciste Idirnáisiúnta d’Éirinn agus Togra Rann na Feirste.

Dúirt Rúnaí Choiste Áislann Rann na Feirste, Bríd Ní Dhomhnaill, go raibh lúcháir mhór uirthi go raibh an chéad fhód a thiontú ar an fhorbairt thábhachtach seo agus gur seo tús agus go raibh sí buíoch don obair uilig a rinne an Coiste agus ar son na tacaíochta a fuair an Coiste ó phobal an bhaile. Thug sí buíochas don An Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus an Ciste Idirnáisiúnta d’Éirinn ar son a gcuid tacaíochta.