Áisleann Ghaoth Dobhair 2010, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair

4 Bealtaine, 2007

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Dúnaibh i gCo. Dhún na nGall inniu.

Ceadaíodh soláthar caipitil de €7.6 milliún chun Céim 1 de Áisleann Ghaoth Dobhair a fhorbairt. Déanfar an t-ionad ilfheidhmeach cultúrtha, pobail, gnó agus caitheamh aimsire a fhorbairt ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair ar iar-shuíomh Dianorm. I measc na n-áiseanna agus seirbhísí atá beartaithe, beidh leabharlann, ionad cúraim leanaí, spás ealaíne/taispeántais, ionad taighde teanga, gorlann/ionad nuálach gnó, oifigí agus spás fiontair.

Táthar ag súil go gcruthófar 200 post nuair a bheas an fhorbairt críochnaithe.

Tháinig an smaoineamh do Áisleann Ghaoth Dobhair chun cinn as plean a bhí curtha le chéile do athfhorbairt sean Eastát Tionscail Dhoirí Beaga tar éis caillteanas mór post idir na blianta 2000-2002 agus an easpa áiseanna óige, spóirt, oideachais, fiontair agus ealaíne a aithníodh ag an am.