Áis nua táirgeachta forbartha ag feirm oisrí ag An Mhachaire, An Chlochán Liath

7 Aibreán, 2014

nóiméad léite

Rinneadh áis nua atá forbartha ag an chomhlacht Ostre’an Teoranta ar An Mhachaire, An Clochán Liath a oscailte go hoifigiúil inniu. Is gnó feirmeoireachta oisrí é Ostre’an Teo atá in úinéireacht beirt deartháireacha as an Fhrainc, Michel agus Thierry Hélie. Rinneadh an áis a fhorbairt ar chostas €0.6 milliún agus tá sé a úsáid mar ionad nua táirgthe agus grádaithe don ghnó. Bíonn an comhlachta ag feirmeoireacht oisrí do mhargadh na Fraince sé ag feidhmiú le 6 bliana anuas sa Mhachaire i mBá an Chlocháin Léith. Tá stair fhada ag na deartháireacha Hélie sa ghnó mar go raibh a muintir ag plé le feirmeoireacht oisrí i gceantar na Normainne sa Fhrainc le breis agus 60 bliain.

Faoi láthair tá 20 duine fostaithe ag Ostre’an Teoranta (13 go lánaimseartha agus 7 go páirtaimseartha). Fásann an comhlacht na hoisrí as síol ag úsáid mhodh an mhála agus an tristéil. Tá sé faighte amach ag muintir Hélie go dtagann oisrí atá ar chaighdeán an-ard as an síol a chuirtear i mBá an Chlocháin Léith. Easpórtáiltear oisrí leathfhásta go dtí an Fhrainc áit a ndéantar tuilleadh cothabhála orthu agus díoltar ansin iad ar mhargadh na Fraince.

Client-chomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta is ea Ostre’an Teoranta agus fuair an fhorbairt seo tacaíocht faoin Scéim Forbartha Dobharshaothraithe Tráchtála, le cuidiú ó Údarás na Gaeltachta agus Bord Iascaigh Mhara.

Dúirt Jim O’Donnell, Stiúrthóir agus Bainisteoir an chomhlachta, “Ba bhreá linn leathnú isteach i margaí eile ar nós na Síne agus an Chianoirthir, agus cuirfidh an áis nua táirgthe seo ar ár gcumas tuilleadh oisrí a fháil leis an córas nua pacála agus stórála. Córas úr é seo a forbraíodh san Astráil agus cuideoidh sé linn ár n-acmhainn feirmeoireachta oisrí a fheabhsú, agus tiocfaidh breis forbartha ar an chomhlacht dá thoradh sin. Tá na hoisrí Éireannacha seo ar chaighdeán an-ard agus cuirtear ar mhargadh na Fraince iad mar tháirgí oisrí ardchaighdeáin. Is mian liom buíochas a ghlacadh leis an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Údarás na Gaeltachta agus BIM atá ag cuidiú go leanúnach lenár ngnó.”

Fuarthas cáipéisí le gairid a léiríonn gur in 1904 a rinneadh an chéad iarratas chun oisrí a shaothrú i mBá an Chlocháin Léith agus gur Edward Duffy as Inis Fraoigh, Ailt an Chorráin, Co. Dhún na nGall a rinne an t-iarratas. Léiríonn na taifid sin gur reáchtáladh Fiosrúchán Poiblí sa Chlochán Liath i nDeireadh Fómhair 1904 faoin gcead a tugadh don Uas. Duffy oisrí a shaothrú i mBá an Clocháin Léith agus i gceantair eile sa chomharsanacht. Ba é an tAth. John Joe Duffy, C.C., Sraith an Urláir, duine de shliocht an Uas. Duffy, a bheannaigh an tsaoráid agus bhí gaolta eile ag an oscailt oifigiúil freisin.

Chuir an tAire Stáit sa An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta fáilte roimh an infheistíocht a rinne na deartháireacha Hélie agus mhol sé na heagraíochtaí stáit as a dtacaíocht don togra. “Tá stair fhada ag feirmeoireacht oisrí anseo i mBá an Chlocháin Léith, ag dul siar chomh fada le 1904 nuair thosaigh an t-uasal Edward Duffy as Inis Fraoigh ag feirmeoireacht oisrí sa bhá. Tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil an traidisiún ag leanúint ar aghaidh agus dul chun cinn atá á dhéanamh ag Ostre’an Teoranta. Cuireann an comhlacht seo fostaíocht thábhachtach ar fáil sa cheantar agus déanann siad caiteachas díreach sa gheilleagar áitiúil. Guím gach rath ar an chomhlacht lena bhforbairtí sna blianta amach romhainn.”