Ag spreagadh glúin nua fiontraithe sa Ghaeltacht

2 Samhain, 2017

nóiméad léite

I mbliana glacfaidh os cionn 750 dalta idirbhliana ó Ghaeltachtaí Chorcaí, na Gaillimhe, Dhún na nGall, Chiarraí, Mhaigh Eo, na Mí agus Phort Láirge páirt i gClár na gComhlachtaí – Údarás na Gaeltachta.

Ba é an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin sa Roinn Cultúir Joe McHugh TD a sheol clár 2017/2018 i bPobalscoil Ghaoth Dobhair an tseachtain seo agus bhí daltaí ón scoil i láthair chun cuid de na smaointe nuálacha atá acu dá bhfiontair nuabhunaithe a chur ar taispeáint.

Is taithí phraiticiúil ghnó atá i gClár na gComhlachtaí atá á fhorbairt agus á sheachadadh i gcomhar le Junior Achievement Ireland (JAI) agus atá á mhúineadh trí mheán na Gaeilge do dhaltaí i gceantair Ghaeltachta. Bunaithe ar na comórtais sheanbhunaithe JA Company Programme agus Comhlacht na Bliana, cruthaíonn, ritheann agus bainistíonn daltaí a ngnó féin. Cuireann an clár neart deiseanna ar fáil maidir le forbairt agus neartaíonn sé an tábhacht a bhaineann le scileanna acadúla agus ceannaireachta.

Dúirt an tAire McHugh, “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le hÚdarás na Gaeltachta agus Junior Achievement Ireland as cultúr na fiontraíochta i measc óige na Gaeltachta a chur chun cinn. Seasfaidh na scileanna fiontraíochta agus an taithí phraiticiúil gnó a fhorbraítear trí Chlár na gComhlachtaí leis na daoine óga seo agus rachaidh sé chun leasa gheilleagar na Gaeltachta ar deireadh.”

Cuireann lucht gnó áitiúil, atá earcaithe agus traenáilte ag an JAI agus a fhaigheann tacaíocht uathu, meantóireacht dheonach ar fáil do na daltaí chomh maith leis na múinteoirí agus tugtar treoir do na daltaí ón mbunsmaoineamh go dtí an táirgeadh, an mhargaíocht, an díolachán agus cúrsaí airgeadais, chomh fada le dul chun margaidh.

Ag na Comórtais Réigiúnacha i mí Feabhra 2018, tabharfar dúshlán do na daltaí tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta acu. Tugann na hócáidí réigiúnacha seo deis do na fiontraithe óga seo a dtáirgí críochnaithe a chur i láthair ag seastáin ghnó, dul faoi agallamh le painéal moltóirí agus a smaoineamh gnó a dhíol os comhair lucht féachana. Is deis iontach é seo do na daltaí an t-eolas agus na scileanna atá foghlamtha acu a thaispeáint.

Ba iad Cothú Cinnte, comhlacht as Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe buaiteoirí na bliana seo caite. Cruthaigh Cothú Cinnte plátaí dinnéir péinteáilte de láimh le lipéid Ghaeilge chun bia sláintiúil a chur chun cinn agus daoine óga a mhealladh chun tuilleadh glasraí a ithe.

Bunaithe ar thaighde ar oideachas fiontraíochta, is mó seans atá daltaí a ghlacann páirt i gClár na gComhlachtaí – Údarás na Gaeltachta a ngnó féin a bhunú, bíonn riosca níos ísle go mbeidh siad dífhostaithe, agus níos minice bíonn fostaíocht seasta acu agus iad ag dul in aois. Tá na torthaí réamh-mheasta seo bunaithe ar rath na scéimeanna ar fud na hEorpa, a bhfuil JA Company Programme mar chuid de, agus ar a bhfuil Clár na gComhlachtaí bunaithe.

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta “Tá Údarás na Gaeltachta tiomanta an fhiontraíocht a chur chun cinn i gceantair Ghaeltachta agus ba mhaith linn buíochas a ghlacadh le Junior Achievement Ireland as a ndúthracht don chlár. Tá muid dóchasach go mbeidh na scileanna agus taithí phraiticiúil gnó a bhainfidh na daltaí Gaeltachta amach i rannpháirtíocht Chlár na gComhlachtaí ina gcrann taca maidir le fiontair Ghaeltachta amach anseo.”

Thar ceann an JAI dúirt an Príomhfheidhmeannach Helen Raftery, “Cuireann an tacaíocht a fhaighimid ó Údarás na Gaeltachta chun Clár na gComhlachtaí a reáchtáil i scoileanna ar fud na Gaeltachta deis iontach ar fáil do dhaltaí maidir le cúrsaí foghlama saoil rud nach mbeadh siad in ann leas a bhaint as de ghnáth. Le spreagadh ó na múinteoirí agus a meantóirí gnó, spreagfar muinín sna daltaí i mórán scileanna inaistrithe, idir obair foirne, scileanna idirbheartaíochta agus óráidíocht phoiblí – scileanna a bheidh an-tairbheach agus iad ag dul chun cinn i saol na hoibre.”