Abú Media chun 1916 Seachtar na Cásca a thaispeáint i gcathair Nua-Eabhrac

11 Aibreán, 2012

nóiméad léite

Tá Abú Media, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Oifig Chonsalachta na hÉireann i Nua-Eabhrac, chun 1916 Seachtar na Cásca, sraith a bhfuil duaiseanna bainte amach aici, a thaispeáint i rith Sheachtain na Cásca.

Cuirfear tús leis na taispeáintí sa Glucksman Ireland House in Ollscoil Nua-Eabhrac ar an Máirt, 10 Aibreán ag féile ina mbeidh mórthaispeántas óstáilte ag an Ollamh Joe Lee agus na hoícheanta ina dhiaidh sin beidh taispeáintí i gCumann Ghael-Mheiriceánaigh Nassua, Suffolk agus Queens ar 11 Aibreán, Oifigí Ard-Chonsalacht na hÉireann ar 12 Aibreán, Ionad na hÉireann i Nua-Eabhrac ar 13 Aibreán agus i Músaem Oidhreachta Ghael-Mheiriceánaigh in Albany ar an Satharn, 14 Aibreán.

Dúirt Pierce Boyce “Is onóir agus deis ollmhór dúinn ár gcuid oibre a thaispeáint do phobal Ghael-Mheiriceánaigh i Nua-Eabhrac agus tá muid buíoch d’Údarás na Gaeltachta agus d’Oifig Chonsalachta na hÉireann i Nua-Eabhrac as ucht ár n-iarrachtaí a éascú. Tá daoine tábhachtacha ag freastal ar na taispeáintí agus le linn an turais tá súil againn díolacháin idirnáisiúnta a fháil don tsraith trí theagmhálacha atá againn i Nua-Eabhrac. Tá an t-aiseolas atá faighte againn as Meiriceá cheana féin faoin tsraith thar a bheith dearfach agus tá iarratais faighte againn as Meiriceá do DVDanna agus íoslódálacha ó taispeánadh an tsraith ar dtús ar TG4 in 2010. Agus tá sé iontach deis a bheith againn é a thaispeáint dóibh i Meiriceá anois, go háirithe i rith Sheachtain na Cásca”, a dúirt Pierce.

“Is é an leagan amach ná go dtaispeánfaidh muid eagrán amháin gach oíche in áiteanna éagsúla agus beidh seisiún ceisteanna agus freagraí ina dhiaidh, mar sin ba cheart go bhfaigheadh muid léargas maith ar fhreagairt lucht féachana Mheiriceá gach oíche. Bhí an-tionchar ag Gael-Mheiriceánaigh ar an Éirí Amach féin, tá sé feiliúnach mar sin go dtabharfaí an tsraith go Meiriceá chun é a cheiliúradh leo i rith na Cásca. Mhair Thomas Clarke, tionscnóir an Éirí Amach, i Meiriceá ar feadh blianta, mhair agus d’oibrigh James Connolly sna Stáit Aontaithe, chuaigh Pádraig Mac Piarais ar fud na Stáit Aontaithe, bhí sé ag léachtóireacht ann agus bhailigh sé airgead, mar sin tá sé an-ábhartha don scéal ar fad agus tá súil againn tuilleadh a fháil amach faoi sin nuair a bheidh muid ann”.

Faoi láthair tá Abú Media ag réamhléiriú sraith leantach, atá á mhaoiniú ag TG4, Údarás Craolacháin na hÉireann agus Alt 48, a thosóidh ag léiriú sa Bhealtaine agus craolfar ar TG4 in 2013. Breathnaíonn an tsraith nua ar na seachtar fear eile a cuireadh chun báis i gCill Mhaighneann chomh maith leis an seachtar sínitheoirí ach a bhfuil dearmad déanta ag go leor daoine orthu.

Beidh 1916 Seachtar na Cásca, a bhuaigh duais IFTA in 2011 sa chatagóir speisialta Gaeilge, mar aon leis “An tSraith Fíorasach is Fearr (Best Factual Series)” ag Féile na Meán Ceilteach, ar fáil in Éirinn ar DVD ó Mheán Fómhair 2012 i nGaeilge agus i mBéarla anois chomh maith.