70 post á gcruthú do Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair

7 Deireadh Fómhair, 2008

nóiméad léite

D’fhógair RA. Pacáistí Teo. (RAP) inniu (Dé Máirt, 07 Deireadh Fómhair 2008) go bhfuil sé beartaithe acu a ngnó i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair a leathnú, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Ciallaíonn an leathnú seo go ndéanfar infheistíocht iomlán de €3.3 milliún sa ghnó agus go gcruthófar tuairim is 70 post úrnua in ionad an chomhlachta i nGaoth Dobhair. San am i láthair, tá 54 duine fostaithe ag an chomhlacht agus mar thoradh ar an fhógra seo, méadófar líon na ndaoine a bheidh fostaithe ag an chomhlacht i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair go 124. Cruthófar na 70 post breise thar na trí bliana amach romhainn agus beidh 27 ceann de na poist seo ceaptha faoi dheireadh na bliana 2009.

Cuideoidh an infheistíocht ollmhór seo de €3.3million, i dtrealamh agus i bhfeabhsú feidhm airgeadais agus riarachán ginearálta an chomhlachta araon, cuideoidh sí le leathnú suntasach ar oibriúcháin an chomhlachta ar a n-áirítear láinseáil trí líne táirge nua paitinne atá dírithe ar mhargadh na hEorpa do dhéantús pacáistithe mearbhia. Neartóidh na línte nua seo seasamh an chomhlachta a thuilleadh in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe laistigh den mhargadh pacáistíochta agus dearadh táirge ardchaighdeán.

Tá RAP Teo. ag ceiliúradh an t-aonú bliain déag dá ghnó i nGaoth Dobhair. Déanann an comhlacht sainfheidhmiú ar dhearadh agur ar dhéantús pacáistíochta atá nuálach, éifeachtach ó thaobh costais agus neamhdhíobhálach don timpeallacht. Tá ionaid díolacháin, riaracháin agus táirgeachta ag RAP in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe, i gCóiré, i Malaeisia agus sna Stáit Aontaithe, agus tá a gceanncheathrú lonnaithe i Londain. Lena chois sin, tá gníomhaithe acu chun a gcuid dtáirgí a dháileadh ar fud na hEorpa.

Dúirt John McDermot, Stiúthóir Oibríochtaí RAP, “tá lúchair mhór orainne go raibh muid ábalta le cuidiú Údarás na Gaeltachta an leathnú seo a fhógairt inniu. Rachaidh an infheistíocht seo chun sochair go fadtéarmach dár ngnó agus neartóidh sé dúshraith fhostaíochta an chomhlachta anseo i nGaoth Dobhair. Rinne muid an cinneadh an leathnú seo a dhéanamh anseo in Éirinn seachas in aon áit eile mar gur éirí go hiontach maith lenár gcomhlacht ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair leis an bhliain déag anuas”.

Agus é ag fáiltiú roimh an fhógra seo, dúirt, Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: “Tá Údarás na Gaeltachta ag déanamh infheistíochta ar bhunús leanúnach in áiseanna agus i mbonneagar gnó den chéad scoth i réimsí éagsúla earnálacha agus is gné thábhachtach lárnach é seo dár straitéis i gcur chun cinn fiontair. Is cinnte go gcuirtear fáilte mhór roimh an fhógra seo ó RAP, go háirithe ag am a bhfuil deacrachtaí náisiúnta agus domhanda i gcúrsaí eacnamaíochta. Tá an infheistíocht mhór seo agus na 70 post nua ina gcomhartha muiníne i straitéis Údarás na Gaeltachta i leith tacaíocht a thabhairt d’fhiontair nuálacha, idir nua agus bunaithe. Cuireann iomlán na bhforbairtí seo leis an bhonn fhostaíochta reatha ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Le seachtain anuas, tá 126 post nua fógraithe ar an Pháirc Ghnó, 41 in SpinVox Teo., 12 in SIOEN Teo, 3 in Tithe an Earagail Teo. agus inniu 70 post eile, rud a chuirfidh go mór leis an líon fostaíochta sa cheantar Gaeltachta seo”.