4 Cheanneagraíocht eile roghnaithe le dul i mbun pleananna teanga

21 Iúil, 2015

nóiméad léite

D’fhógair Údarás na Gaeltachta inniu go bhfuil ceithre cheanneagraíocht eile roghnaithe le tabhairt faoi phleananna teanga a réiteach do na Limistéir Pleanála Teanga (LPT) atá faoina gcúram.
Lorgaíodh iarratais ag tús na bliana ó eagraíochtaí/grúpaí pobail a bheadh sásta dul i mbun na hoibre seo agus tar éis measúnú a dhéanamh ar na hiarratais, seo a leanas na ceithre cheanneagraíocht atá i gceist sna Limistéir Pleanála Teanga lena mbaineann siad:

• Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo.
LPT – Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall

• Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo.
LPT – Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh, Co. na Gaillimhe agus Co. Mhaigh Eo

• Forbairt Chonamara Láir Teo.
LPT – Conamara Láir, Co. na Gaillimhe

• Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teo.
LPT – Múscraí, Co. Chorcaí

Tá tréimhse suas go dhá bhliain ag na ceanneagraíochtaí sin le plean teanga a réiteach dá LPT. Ceadaíodh soláthar maoinithe de €25,000 do Chomharchumann Oileán Árainn Mhór Teo. agus €35,000 do na trí cheanneagraíocht eile le tacú leo tabhairt faoi chostais ullmhúcháin na bpleananna.
Fágann sé seo go bhfuil 13 cheanneagraíocht anois ag comhoibriú leis an Údarás agus le grúpaí ina bpobal le plean teanga a réiteach.

Críoch
Tuilleadh Eolais:
Siubhán Nic Grianna, Bainisteoir Cumarsáide agus Margaíochta, Údarás na Gaeltachta,
Fón: 091 503219/ 087 2217757; sng@udaras.ie

Sonraí Teagmhála na gCeanneagraíochtaí:

• Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo.
Bainisteoir: Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh, Fón: 074 9520533; coamteo@gmail.com

• Forbairt Chonamara Láir Teo.
Bainisteoir: Máirín Ní Choisdealbha-Seoige, Fón: 095 32688; flcteo@eircom.net

• Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teo.
Bainisteoir: Julia May Uí Chríodáin, Fón: 026 40877; Julia@cfmteo.com

• Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo.
Bainisteoir:Marie Ní Chríodain , Fón: 094 9548031; cdst@eircom.net


Na 9 gceanneagraíocht a fógraíodh roimhe seo:

• Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo.
– Ciarraí Thiar

• Fóram Chois Fharraige Um Phleanáil Teanga
– Cois Fharraige, Co. na Gaillimhe

• Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair
– Gaoth Dobhair, Rann na Feiste, Anagaire & Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall

• Comhlacht Forbartha na nDéise Teo.
– Na Déise

• Comhchoiste Gaeltachta Chiarraí Theas Teo.
– Ciarraí Theas

• Comharchumann Mhic Dara Teo
– An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

• Comhairle Ceantar na nOileán Teo
– Ceantar an nOileán, Co. na Gaillimhe

• Pobal Eascarrach Teo., An tSean Bheairic Teo. agus Coiste Pobail Ghort a’ Choirce
– Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh

• Lár Chomhairle Pharóiste Ghleann Cholmcille
– Dún na nGall Theas

Tuilleadh eolas le fáil thíos;