33 Post nua le cruthú sa Daingean

10 Samhain, 2009

nóiméad léite

Tá McGivern Flynn & Co agus an t-aonad Éireannach den IFG Group plc tagtha le chéile i dtionscnamh nua ina gcruthófar 33 post lán-aimseartha sa Daingean thar na trí bliana atá romhainn. Is lárionad tacaíochta agus seirbhísí é an gnó nua seo, a bhfuil tacaíocht á fháil aige ó Údarás na Gaeltachta, agus a chuirfidh raon leathan de phacáistí árachas ar fáil do chustaiméirí ar fud na hÉireann.

Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt Barry Darmody, Bainisteoir Stiúrtha, Rannóg Maoine IFG “Cé go ndíreoidh an gnó ar dtús ar chliant atá ann cheana féin laistigh de ghréasán IFG, tá súil againn go mbeidh ar ár gcumas tairiscintí den saghas céanna a ofráil do chliaint sheachtracha de réir mar a leathnóidh muid an gnó. Roghnaigh muid an Daingean mar go raibh muid thar a bheith tógtha leis na háiseanna a bhí ar fáil i bPáirc Ghnó Údarás na Gaeltachta, agus an líon saothair oilte a bhí ar fáil sa cheantar.”

Dúirt Una Nesdale ó McGivern Flynn, comhpháirtí san fhiontar nua seo, “Is eol dúinn cé chomh tapa agus atá préimheanna árachais ag ardú sa mhargadh agus an cé chomh riachtanach agus atá sé go mbeadh roghanna le costas íseal ar fáil do chustaiméirí. Mar thoradh ar na margaí atá aontaithe againn le soláthraithe táirgí, táimid muiníneach go mbeidh ar ár gcumas coigilt shuntasach a ofráil dá gcustaiméirí.”

Beidh an fiontar i mbun gnó faoi mhí Eanáir 2010 agus tosófar ag earcú láithreach. Beidh cúigear fostaithe ag an tús agus leanfar den earcú de réir mar a mhéadaíonn an gnó.

Dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta go raibh áthas air go raibh ar chumas an Údaráis an fiontar nua seo a mhealladh chuig ceantar Chorca Dhuibhne agus gur dea-shampla é an fiontar seo den straitéis forbartha atá ag an Údarás díriú ar an earnáil seirbhísí nua-aimseartha chun poist a chruthú sa Ghaeltacht. “Tá líon agus caighdeán na bpost a chruthóidh an fiontar seo thar a bheith tábhachtach do Chorca Dhuibhne agus taispeánann an cinneadh a rinne an dá chomhlacht seo a bhfiontar nua a lonnú sa Daingean an muinín atá acu i gcumas an cheantair a gcuid riachtanais foirne, teileachumarsáide agus infreastruchtúr a shásamh.