23 post nua do Bhaile na Finne

25 Meán Fómhair, 2015

nóiméad léite

D’fhógair Údarás na Gaeltachta inniu (23 Meán Fómhair) go bhfuil an comhlacht Baile na Finne Plaisteach Teo. le gnó nua a bhunú i mBaile na Finne, Co. Dhún na nGall, agus 23 post nua a chruthú.
Beidh an comhlacht lonnaithe in Eastát Tionsclaíochta an Údaráis i mBaile na Finne agus beidh siad ag dul i mbun gnó i mí na Samhna 2015. Tá an comhlacht ag súil le 12 duine a fhostú roimh dheireadh na bliana.
Beidh an comhlacht ag táirgeadh gabhdáin phlaisteacha don earnáil bhia gasta. Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Steve Ó Cúláin, go raibh lúcháir ar an eagraíocht a bheith in ann tacaíocht a chur ar fáil don chomhlacht seo agus go mbeidh na poist seo thar a bheith tábhachtach do cheantar na Gaeltachta Láir.