Maoiniú ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta d’fhorbairt ionad cuairteoirí ag Teach an Phiarsaigh

9 Feabhra, 2015

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha an tseachtain seo caite (29 Eanáir) ceadaíodh soláthar caipitil de €1 milliún i dtreo na gcostais a bhaineann le forbairt ar an ionad atá beartaithe ar an suíomh in aice le Teach an Phiarsaigh. Is é seo sciar an Údaráis de chostas iomlán an togra. Tá €2 mhilliún ceadaithe ag an Rialtas don togra cheana sa Chlár Cuimhneacháin 1916.

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis, “Tá ríméad orainn go bhfuil an togra seo ag teacht chun foirfeachta anois agus léiríonn an cinneadh seo ón Údarás a ndeá thola i leith an togra agus an ceantar, agus léiríonn sé ómós do oidhreacht an Phiarsaigh. Tá neart oibre fós le déanamh sula gcuirfear spád i dtalamh ach seo céim mhór chun tosaigh.”