Aonad 2A – Corr na Móna

Corr na Móna,
Co. na Gaillimhe
F12 F302

Map

Tá an monarcha seo lonnaithe i gceantar speisialta Dhúiche Sheoigheach, áit a bhfuil tírdhreach álainn de chnoic agus lochanna. Cuir fút sa gceantar álainn seo agus ná bíodh cúrsaí tráchta ná táillí páirceála ag déanamh imní duit. Is féidir leat slí mhaireachtála níos fearr a bheith agat sa gceantar tuaithe seo atá sáite sa tslat iascaireachta agus siúlóireacht sléibhe. Tá bunscoil, meánscoil, séipéal, ionad pobail, siopa agus teach tábhairne ar an mbaile.

 

Cur Síos Gairid ar an bhfoirgneamh

Monarcha/Spás Déantúsaíochta

Spás de 1341m2

Neart Spás Páirceála

Bá Lódála

Rochtain 24/7

Suíomh

Tá an monarcha suite i gCorr na Móna, atá 54km as Cathair na Gaillimhe agus 52km as Caisleán an Bharraigh.

Tá Aerfort na Sionainne, a chuireann eitiltí trasatlantacha ar fáil, i bhfoisceacht 143km. Níl Aerfort na Sionainne i bhfad ón mótarbhealach M18 atá idir Gaillimh agus Luimneach.

Tá Aerfort Iarthar Éireann, Cnoc Mhuire i bhfoisceacht 78km agus cuirtear eitiltí ar fáil go dtí an Bhreatain agus an Eoraip.

Tá na hinstitiúidí tríú leibhéal seo a leanas ag freastal ar an gceantar: Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo.

 

Cur Síos Mion

Urlár amháin atá sa monarcha seo, tá leithris mar aon le cistin ann. An soláthar reatha leictreachas ná 49kVA 3 Phas agus soilse ionsúite. Is ola atá sa gcóras teasa. Fuinneoige agus doirse gloinithe PVC. Tá rataí tráchtála & uisce iníoctha le Comhairle Contae na Gaillimhe agus Uisce Éireann.

Bhí an monarcha seo á úsáid do thionscal na cógaisíochta tráth. Tá seomra íonghlan d’ardchaighdeán sa monarcha seo. Tá an fhoirgneamh breá daingnithe le aláram ar gach doras.

Bheadh an mhonarcha seo úsáideach d’fhiontraíocht bithleighis, innealtóireacht éadrom, déantúsaíocht ghinearálta & nideoige, taighde agus forbairt.

 

Tacaíochtaí Airgeadais do Ghnóthaí

Tá Údarás na Gaeltachta in ann réimse dreasachtaí agus tacaíochtaí a thairiscint do ghnóthaí incháilithe agus do chomhlachtaí atá ag feidhmiú in earnálacha éagsúla chun dul i mbun gnó nó chun lonnú agus forbairt a dhéanamh i gceantair Ghaeltachta. Tá gnóthaí bunaithe ag na céadta comhlachtaí sa nGaeltacht lenár gcúnamh.

Tá cúnamh ar fáil ag clúdach réimse earnálacha incháilithe ó mhicreaghnóthaí go comhlachtaí móra i réimsí cosúil le:

  • Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (ICT)
  • Déantúsaíocht Chomhaimseartha agus Nideoige
  • Seirbhísí a thrádáiltear go hidirnáisiúnta
  • Feistí Leighis agus Cógaisíochta
  • Ábhar Closamhairc agus Digiteach
  • Fiontraíocht Ghaeilge bunaithe
  • Próiseáil Bia
  • Feirmeoireacht agus Próiseáil Éisc
  • Turasóireacht Chultúrtha
  • Ealaín agus Ceardaíocht
  • Fiontair Phobalbhunaithe
  • Acmhainní Nádúrtha

Más ag machnamh ar do ghnó a leathnú go dtí réimse nua, teacht ar mhargaí nua, táirge nua a fhorbairt nó do ghnó a éagsúlú i dtreo nua atá tú, seans go bhféadfaidh Údarás na Gaeltachta cabhrú leat.

Tacaíochtaí Maoine

Tá punann maoine ilghnéitheach ag Údarás na Gaeltachta ar fud na Gaeltachta. San áireamh anseo tá:

  • Suíomhanna Tionsclaíochta
  • Páirceanna Gnó
  • Ionaid Fiontraíochta
  • Spásanna Oifige
  • Aonaid Gnó do Ghnóthaí Nuabhunaithe
  • Suíomhanna Forbartha
  • Ionaid Cheardaíochta

Tá foirgnimh ar fáil ag rátaí cíosa iomaíocha agus tá leas le baint ag gnóthaí as socruithe léasa solúbtha. Is féidir athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh le riachtanais ghnó a shásamh agus iad a ligean ar léas mar chuid de chlár tacaíochta fiontraíochta.