Séamus Mac Gearailt

Séamus Mac Gearailt, Comhalta Boird, Údarás na Gaeltachta

Comhalta den Údarás

Droichead Bán
Na Gleannta
Daingean Uí Chúis
Co. Chiarraí

086 8497282 seamuscosaifitzgerald@eircom.net

Ar ainmniúchán ó Chomhairle Contae Chiarraí faoi Acht na Gaeltachta 2012, cheap an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Séamus Chosaí Mac Gearailt ar Bhord Údarás na Gaeltachta in 2018 do théarma cúig bliana ó 16 Eanáir 2018 go dtí 15 Eanáir 2023.

Toghadh Séamus Chosaí Mac Gearailt ar Bhord Údarás na Gaeltachta don chéad uair in 1999 agus bhí sé ina chomhalta tofa ar an Údarás go 30 Meán Fómhair 2012. Cheap an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Séamus ina chomhalta ar bhord Údarás na Gaeltachta don tréimhse ó 20 Samhain 2012 go dtí 19 Samhain 2017 freisin.

Tá sé ina bhall tofa do Chomhairle Contae na Chiarraí agus is feirmeoir é.

De réir mar a leagadh síos i mír 12 den Chéad Sceideal den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, íoctar le comhaltaí den Údarás, as cistí an Údaráis, luach saothair agus liúntais a chinneann an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ó am go ham le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is ionann na táillí seo agus na rátaí atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe do chomhlachtaí Stáit atá i gCatagóir C ag an Roinn sin.

Tá táille chaighdeánach bhliantúil do Chomhalta den Údarás, €7,695, á íoc leis.