Ian Mac Aindriú

Ian Mac Aindriú, Comhalta Boird, Údarás na Gaeltachta

Comhalta den Údarás

Bóthar Bhéal Átha an Fheadha
Béal an Mhuirthead
Co. Mhaigh Eo

086 8366214 i.macaindriu@arasinisgluaire.ie

Cheap an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Ian Mac Aindriú ar Bhord Údarás na Gaeltachta in 2018 do théarma cúig bliana ó 16 Eanáir 2018 go dtí 15 Eanáir 2023.

Toghadh Ian Mac Aindriú ar bhord Údarás na Gaeltachta don chéad uair in 1999 agus bhí sé ina chomhalta tofa ar an Údarás go 30 Meán Fómhair 2012. Ar ainmniúchán ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo faoi Acht na Gaeltachta 2012, ceapadh Ian ina chomhalta ar bhord Údarás na Gaeltachta don tréimhse ó 20 Samhain 2012 go dtí 19 Samhain 2017.

Tá Ian fostaithe mar bhainisteoir ar Ionad Ealaíon Áras Inis Gluaire i mBéal an Mhuirthead.

De réir mar a leagadh síos i mír 12 den Chéad Sceideal den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, íoctar le comhaltaí den Údarás, as cistí an Údaráis, luach saothair agus liúntais a chinneann an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ó am go ham le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is ionann na táillí seo agus na rátaí atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe do chomhlachtaí Stáit atá i gCatagóir C ag an Roinn sin.

Tá táille chaighdeánach bhliantúil do Chomhalta den Údarás, €7,695, á íoc leis.