Preas Ráiteas
-
Forbhreathnú ar an Deontas Bí Réidh
- HPSU, SMEanna agus cuideachtaí móra;
- Iad a bheith gníomhach i mbun trádála agus ag giniúint díolacháin;
- Easpórtáil chuig an RA acu atá cothrom le nó níos mó ná 20% dá ndíolacháin iomlána.
- Táillí comhairleoirí seachtracha i réimsí mar straitéis, forbairt margaidh, nuálaíocht, oibríochtaí, pearsanra agus airgeadas. Nóta: €900 sa lá an t-uasráta comhairleoireachta do ghnólacht chomhairleoireachta.
- Taisteal agus cothabháil fostaithe (sa tír seo agus thar lear) a bhaineann le taighde sna réimsí thuas.
- Costais a tabhaíodh roimh dháta an iarratais
- Costais chomhairleora
- Costais a bhaineann le díolacháin
- Costais rannpháirtíochta i gCóir-Thrádáil
- Tuarastail
- Forchostais
- Teagmháil a dhéanamh leis an bhFeidhmeannach Tionscadail atá sannta duit in Údarás na Gaeltachta chun an t-iarratas agus an próiseas iarratais a phlé.
- Ba chóir go mbeadh an Scórchárta Brexit comhlánaithe ag an gcuideachta roimh ré.
- Seicliosta
- Ráiteas Stiúrthóra
- Foirm Éilimh
- Plean Gníomhaíochta do Brexit
- Sonrasc an Chomhairleora (ní mór an ráta lae agus líon na laethanta a bheith áirithe ann)
- Ráiteas bainc na cuideachta mar chruthúnas ar an íocaíocht don chomhairleoir
- Sonraí an Deimhniú Imréitigh Cánach
- Foirm Sonraí Bainc
- Téigh i dteagmháil le d’Fheidhmeannach Tionscadail in Údarás na Gaeltachta chun breis eolais a fháil.
- Murar cliant tú, déan teagmháil leis an oifig Údarás na Gaeltachta is gaire duit.
An aidhm atá leis an Tairiscint Chistiúcháin Bí Réidh ná tacaíocht a thabhairt do chliaint chun plean a ullmhú le rioscaí a laghdú agus an leas is fearr a bhaint as deiseanna a eascróidh as Brexit. Is féidir é a úsáid chun íoc as comhairleoireacht, taisteal agus costais as póca a bhaineann leis an taighde ar an treo ba chóir dá bplean gníomhaíochta do Brexit a bheith ag dul. I measc na nithe a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis sin tá fiosrú faoi na féidearthachtaí a bhaineann le héagsúla chuig margaí nua agus deighleoga nua margaidh; infheistíocht sa nuálaíocht; feabhas a chur ar iomaíochas oibríochtúil agus feabhas a chur ar chumas straitéiseach airgeadais. Ní mór do chliaint an Scórchárta Brexit a chomhlánú sula ndéantar iarratas.
Bunús Dlí na hÉireann
Faoi réir an Achta um Údarás na Gaeltachta 1979-2012
Bunús Dlí do Státchabhair
Treoirlínte um Chabhair De Minimis.
Is féidir suas le €200,000 a cheadú do chuideachta mar chabhair De Minimis in aon tréimhse 3 bliana.
Incháilitheacht
Glacfar le hiarratais ó chliaint a bhfuil an phróifíl seo a leanas acu:
Nóta: Ní mór do chliaint an Scórchárta Brexit a bheith comhlánaithe acu freisin.
Gníomhaíochtaí Incháilithe & Amlínte
Is éard atá i gceist leis an tionscadal ná go bhfiosrófaí na tionchair agus na deiseanna ionchasacha a eascróidh as Brexit agus cur chuige straitéiseach chun dul i ngleic leo a dheimhniú.
Níor cheart go mbeadh tréimhse níos faide ná 6 mhí ag an tionscadal, ón dáta tosaithe, chun gníomhaíocht láithreach a spreagadh.
Costais Incháilithe & Neamh-incháilithe
Costais Incháilithe
Costais Neamh-incháilithe
Uasleibhéil Chistithe
€5,000 an deontas is mó atá ar fáil. Ríomhtar an deontas ag uasmhéid de 50% den chaiteachas incháilithe a bhí ar an iarratasóir a n-éireoidh leis/léi.
Déanfaidh Údarás na Gaeltachta measúnú ar incháilitheacht na ngníomhaíochtaí atá beartaithe san iarratas mar aon leis na costais a bhaineann leo.
Próiseas Iarratais
Ba chóir gach iarratas ar chistiú a phlé le d’Fheidhmeannach Tionscadail in Údarás na Gaeltachta sula gcuirtear isteach é.
Sula gcuireann tú isteach air ní mór na nithe seo a leanas a dhéanamh:
Is é an dáta a bhfaighfear an t-iarratas an dáta tosaithe a bheidh ag an tionscadal. Measfar go mbeidh aon chostas a bheidh tabhaithe ag an gcuideachta roimh an dáta sin neamh-incháilithe.
Tar Éis an Cheadaithe
Tar éis tograí an tionscadail a bheith measta ag Údarás na Gaeltachta, seolfar Litir Tairisceana foirmiúil ag na hiarratasóirí ar éirigh leo.
Chun glacadh leis an Litir Tairisceana, caithfidh na hIarratasóirí an glacadh a sheoladh ar ais laistigh de 60 lá ó dháta na Litreach Tairisceana.
Caithfidh na hIarratasóirí gach caiteachas a thabhú agus a íoc agus éilimh ar íocaíochtaí a chur isteach roimh Dháta an Éilimh Dheiridh a bheidh nótáilte ina Litir Tairisceana.
Cealófar aon iarmhéid nach mbeidh éilithe tar éis Dháta an Éilimh Dheiridh.
An Próiseas Éilimh
Is ceadmhach don Chuideachta éileamh amháin a dhéanamh agus ní mór an t-eolas seo a leanas a bheith curtha ar fáil nuair a bheidh an t-éileamh á dhéanamh: