Tionscnaimh Teanga

Tá Gaeilge á labhairt gan bhriseadh le dhá mhíle bliain ar a laghad agus tá néamhspleáchas a mhair leis na céadta le sonrú i modhanna smaointeoireachta agus i rithim na teanga.
Tá an Ghaeilge mar bhunchloch sa saol laethúil ag na mílte duine a labhrann an teanga sa lá atá inniu ann. Tá Údarás na Gaeltachta tiomanta do chothú agus do chur chun cinn na teanga mar theanga phobail na Gaeltachta amach anseo.
I gcroílár ghníomhaíochtaí uile na heagraíochta tá cothú agus forbairt na teanga. Le treoirlínte do chomhlachtaí a fháil faoin bPlean Forbartha Teanga san ionad oibre cliceáil anseo.
Féachann an tÚdarás le pobail fhuinniúla Ghaeltachta a chothú agus a chaomhnú chomh maith le bealaí cruthaitheacha a aimsiú chun an Ghaeilge a athbheochan mar dhara teanga láidir i nGaeltachtaí ina bhfuil an teanga níos laige ná mar a bhíodh.
Tacaíonn an eagraíocht le roinnt gníomhaíochtaí teanga, cultúrtha, ealaíon agus oideachais chun úsáid na Gaeilge mar phríomh theanga cumarsáide sa Ghaeltacht a láidriú, ina measc:
- Maoiniú do réamhscoileanna Gaeilge;
- Tacaíocht do chlubanna óige Gaeltachta a reáchtáiltear trí Ghaeilge;
- Forbairt Ionaid Seirbhísí Teanga;
- Urraíocht agus tacaíocht do ghníomhaíochtaí agus d’ócáidí teangabhunaithe;
- Tionscnaimh chun úsáid na Gaeilge san láthair oibre a chur chun cinn;
- Cúrsaí tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge.
