Stair na Gaeilge

Abhainn an Scáil, Com Dubh

Tá an Ghaeilge ar cheann de na teangacha scríofa is sine agus is stairiúla ar domhan. Chonacthas í den chéad uair i bhfoirm Oghaim sa chúigiú haois. Sa lá atá inniu ann is féidir teacht uirthi i suas le 4,500 leabhar, ar an teilifís, ar an raidió, i nuachtáin, in irisí, agus ar an idirlíon.

Is teanga Cheilteach í an Ghaeilge, chomh maith le Gaeilge na hAlban, Gaeilge Oileán Mhanann (an Mhanainnis), tá sí an-chosúil leis an mBreatnais, an Bhriotóinis agus an Choirnis chomh maith. Is cosúil gur tháinig an Ghaeilge chun na tíre seo ó mhór-roinn na hEorpa os cionn 2,500 bliain ó shin.

Is cinnte go raibh teangacha eile in Éirinn roimpi ach, faoi thús ré na Críostaíochta, bhí an Ghaeilge á labhairt ar fud na hÉireann agus ag leathnú tríd Albain, cósta thiar na Breataine agus Oileán Mhanann. Scotti a thug na Rómhanaigh ar na Gaeil agus leathnaigh siad a dteanga tríd an chuid is mó d’Albain.

Is iad na hiarsmaí is sine dá bhfuil againn den Ghaeilge Ársa ná inscríbhinní ar chlocha Oghaim ón 5ú agus ón 6ú haois. Cuireadh tús le scríobh na Sean-Ghaeilge san aibítir Rómhanach roimh thús an 7ú haois. Is í an Ghaeilge, mar sin, an teanga scríofa is sine dá bhfuil fós á labhairt lastuaidh de na hAlpa.

Detail of an Ogham Stones from West Kerry Museum
Cloch Oghaim, Músaem Chorca Dhuibhne

I rith thréimhse na Meán-Ghaeilge (900-1200 AD) fuarthas roinnt iasachtaí ón Lochlainnis, focail nua ar nós ‘pingin’ agus ‘margadh’, ach is beag tionchar a bhí ag an Lochlainnis ar chomhréir na Gaeilge. Treimhse cheannairce agus choimhlinte a bhí ann ach, in ainneoin sin, níor theip ar chultúr liteartha na nGael agus tá scríbhínní iomadúla a mhair ó ré na Meán-Ghaeilge.

Thosaigh na hAngla-Normannaigh ag lonnú in Albain i ndeireadh an aonú céad déag, agus in Éirinn sa trian deiridh den dara céad déag. Chuir gabháltas na nAngla-Normannach tús le tréimhse ilteangachais in Éirinn, ach d’fhan an Ghaeilge in uachtar agus, de réir a chéile, thosaigh na Normannaigh ag labhairt Gaeilge. Faoi thús an tséú céad déag, ba chainteoirí Gaeilge formhór phobal na hÉireann arís. Ar chuid de na focail a thug na hAngla-Normannaigh isteach sa Ghaeilge tá ‘giúistís’, ‘bardas’, ‘cúirt’, ‘garsún’, agus a lán lán eile.

1200-1600 dátaí threimhse na Nua-Ghaeilge Clasaicí. Ní gnáthchaint na linne a bhí ann ach teanga shaothraithe chaighdeánach a forbraíodh sna scoileanna oidhreachtúla do scoláirí agus d’fhilí ar fud na hÉireann agus na hAlban. Tugtar an Nua-Ghaeilge Mhoch ar theanga labhartha na treimhse céanna, ach tháinig a lán athruithe ar chaint na ndaoine ó thús deireadh na tréimhse seo.

In ainneoin go raibh Gaeilge ag formhór na ndaoine, bhí, áfach, Béarla ag teastáil le haghaidh gnóthaí riaracháin agus dlí. Tharla, mar sin, nach ndearnadh teanga riaracháin riamh den Ghaeilge, agus nár bhain pobal na Gaeilge neamhspleáchas polaitiúil amach choíche arís.

Bualadh buillí troma ar an nGaeilge le linn an tséú agus an tseachtú haois déag. De thoradh ar choncas agus ar phlandáil na dTiúdóireach agus na Stiobhardach (1534–1610), plandáil Chromail (1654), Cogadh an Dá Rí (1689-91) agus achtú na bPéindlíthe (1695) a lean sin, bhí aicmí ceannais phobal na Gaeilge go hiomlán ar lár agus bhí a gcuid institiúidí cultúrtha scriosta.
Bhí stádas na Gaeilge mar mhórtheanga caillte. Ach ba í an Ghaeilge teanga fhormhór phobal na tuaithe i gcónaí agus, go ceann tréimhse, ag an lucht oibre sna bailte. Ó lár an ochtú céad déag, de réir mar a bhí maolú ag teacht ar na péindlíthe, agus méadú ar dheiseanna sóisialta agus eacnamaíochta ag an seanphobal Gaelach, thosaigh an chuid ba rafaire orthu ag tiontú ar ghnás na meánaicme gallda agus an Béarla a tharraingt chucu féin. Chuaigh an nós seo i dtreise le linn agus i ndiaidh an Ghorta Mhóir (1846-1848). Bhí an teanga i mbéal an bháis.

I dtús an ochtú haois déag, thosaigh an lucht léinn ag cur spéise sa teanga agus ina litríocht. Thuig go leor daoine go raibh an Ghaeilge labhartha ag meath. Bhí Tomás Dáibhís, sa bhliain 1843, ar dhuine de na daoine a dhearbhaigh go poiblí gur ‘teanga náisiúnta’ í an Ghaeilge. Baineadh leas as an téarmaíocht seo arís i mBunreachtaí 1922 agus 1937. D’éirigh le Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge, a bunaíodh sa bhliain 1876, aitheantas a ghnóthú don Ghaeilge ar gach leibhéal den chóras oideachais ón mbunscolaíocht go dtí an ollscolaíocht. Sa bhliain 1893, bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, an tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh, agus daoine eile, Conradh na Gaeilge. Laistigh de chúpla bliain d’éirigh leo mórghluaiseacht tacaíochta ar son na Gaeilge a chruthú. Tosaíodh ar litriú agus ar ghramadach na teanga scríofa a thabhairt chun réitigh leis an nuatheanga labhartha. Bhí de thoradh ar na hiarrachtaí sin an Caighdeán Oifigiúil a d’fhoilsigh Rialtas na hÉireann sa bhliain 1958.

Tá athrú suntasasch tagtha ar íomhá na Gaeilge le blianta beaga anuas. Tá sé seo le sonrú i líon na ndaoine atá á labhairt agus á foghlaim ní hamháin in Éirinn ach ar fud na cruinne. Labhraítear an Ghaeilge mar theanga an phobail i gceantair Ghaeltachta in Éirinn agus tá an Ghaeilge ag bailiú nirt lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith. De réir Dhaonáireamh 2016, tá sé ar a gcumas ag 1.77 milliún duine i bPoblacht na hÉireann an Ghaeilge a labhairt. Léiríonn suirbhéanna le tamall fada go bhfuil an-bhá i measc an phobail i dtaobh na teanga ar fud an oileáin agus nach bhfuil an bhá sin teoranta do lucht labhartha na teanga amháin.