Nuacht is Deireanaí
Trí cheanneagraíocht nua ainmnithe don Phleanáil Teanga mórthimpeall ar Chathair na Gaillimhe
Is iad an eagraíocht nuabhunaithe Coiste Pleanála Teanga Bhearna & Chnoc na Cathrach atá ceadaithe ina gceanneagraíocht do LPT Bhearna & Cnoc na Cathrach, an eagraíocht An Bruach Thoir mar cheanneagraíocht do LPT Oirthear Chathair na Gaillimhe agus Coiste Stiúrtha Plean Teanga an Eachréidh atá ceaptha ina gceanneagraíocht do LPT An Eachréidh. Beifear ag socrú conradh leis na ceanneagraíochtaí nuacheaptha seo go gairid agus ciallóidh sé sin go mbeidh gach ceann de na 26 LPT tosaithe ar phleananna teanga a réiteach.
Ceanneagraíochtaí Roghnaithe Go Dáta
Tá Ceanneagraíochtaí roghnaithe ag Údarás na Gaeltachta le tabhairt faoi phleananna teanga a réiteach do na Limistéir Pleanála Teanga atá faoina gcúram. Seo a leanas na ceanneagraíochtaí atá roghnaithe go dtí seo:
Tuaisceart Dhún na nGall | Céim Aniar Teoranta | |
Cloich Chionnaola, gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh | Pobal Eascarrach Teo, An tSean Bheairic Teo agus Coiste Pobail ghort a’ Choirce | |
Toraigh | Comharchumann Thoraí Teo | |
Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir i nDún na nGall | Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, f/ch Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo | |
Na Rosa | Forbairt na Rosann Teo | |
Árainn Mhór | Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo | |
An Ghaeltacht Láir | Gleann Fhinne Faoi Theorainn Rathaíochta | |
Dún na nGall Theas | Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille Teoranta | |
Maigh Eo Thuaidh | Gaeilge Iorrais, f/ch Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile Eachléim Teo | |
Maigh Eo Thiar | Comhlucht Forbartha Áitiúil Acla Teo | |
Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh | Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo | |
Conamara Láir | Forbairt Chonamara Láir Teo | |
An Cheathrú Rua | Comharchumann Mhic Dara | |
Ceantar na nOileán | Comhairle Ceantar na nOileán Teo | |
Oileáin Árann | Comhar Caomhán Teo. | |
Cois Fharraige | Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga (faoi chúram Chomharchumann Shailearna agus Chomhlacht Forbartha an Spidéil Teo.) | |
Maigh Cuilinn | Forbairt Mhaigh Cuilinn Teo | |
Bearna & Cnoc na Cathrach | Coiste Pleanála Teanga Bhearna & Chnoc na Cathrach | |
Oirthear Chathair na Gaillimhe | An Bruach Thoir | |
An tEachréidh | Coiste Stiúrtha Plean Teanga an Eachréidh | |
Ciarraí Thiar | Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo. | |
Ciarraí Theas | Comhchoiste Ghaeltachtaí Chiarraí Theas Teo. | |
Múscraí | Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teo | |
Cléire | Comharchumann Chléire Teo | |
Na Déise | Comhlucht Forbartha na nDéise | |
Ráth Chairn & Baile Ghib | Comharchumann Ráth Chairn Teo. |
Beidh na ceanneagraíochtaí thuasluaite ag comhoibriú leis an Údarás agus le struchtúir pobail, a bhfuil ról lárnach acu i gcaomhnú agus i neartú na Gaeilge sa Ghaeltacht, le plean teanga a réiteach. Beidh tréimhse suas le dhá bhliain ag an gCeanneagraíocht le plean teanga a réiteach agus beidh an tÚdarás ag cur gach comhairle agus tacaíocht is féidir ar fáil dóibh agus iad ag dul i mbun oibre.
Anseo thíos, faigh eolas maidir leis an bPróiseas Pleanála Teanga atá á fheidhmiú ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge.
Córas Faisnéise Geografaí (GIS) – Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta
Tá an Córas Faisnéise Geografaí ar fáil anseo.
Leis an gCóras Faisnéise Geografaí atá forbartha, cuirtear sraitheanna sonraí i láthair ag úsáid amharcóra. Tá an fhaisnéis a chuirtear i láthair bunaithe ar na sonraí staidrimh ón staidéar: Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006–2011 Ó Giollagáin, C. & Charlton, M. a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta in 2015. Rinne an staidéar sin anailís ar na sonraí a bhailigh an Phríomhoifig Staidrimh trí na daonáirimh náisiúnta in 2006 agus 2011. Cuirtear na sonraí staidrimh ar leibhéal úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht i láthair ar an gCóras Faisnéise Geografaí i sraitheanna sonraí an mhapa de réir na dToghrann.
Ina theannta sin, tá dhá shraith sonraí ann a léiríonn suíomhanna agus daonra bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, bunaithe ar fhaisnéis atá curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Is sonraí sealadacha iad don scoilbhliain 2014/2015.
Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011
Tugann an tuarascáil Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011 faisnéis ar na hathruithe i bpróifíl teanga na bpobal Gaeltachta le linn na tréimhse sin.
Ba é cuspóir an tionscadail taighde seo ná faisnéis teanga a chur ar fáil do na Ceanneagraíochtaí atá ag tabhairt faoi phleananna teanga a ullmhú sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta. Cuirtear an fhaisnéis ar fáil ag úsáid na modheolaíochtaí céanna anailíse agus a úsáideadh sa bhunanailís a foilsíodh in 2007. Cinntíonn an múnla anailíse seo leanúnachas agus cuirtear próifíl suas chun dáta ar fáil i dtaca leis na Limistéir Pleanála Teanga atá leagtha amach faoi Acht na Gaeltachta, 2012.
Is féidir cóip den Tuarascáil iomlán a íoslódáil anseo.
Is féidir cóip de Phríomhfhaisnéis na Limistéar Pleanála Teanga a íoslódáil anseo.