Bailte Seirbhíse Gaeltachta
Bailte Seirbhíse Gaeltachta
Seo a leanas an liosta bailte a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna bailte éagsúla i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga forordaithe faoi Acht na Gaeltachta, 2012.
| Contae | Baile |
| Dún na nGall | Leitir Ceanainn, An Clochán Liath agus Dún na nGall |
| Maigh Eo | Béal an Mhuirthead, Baile an Róba agus Caisleán an Bharraigh |
| Gaillimh | Cathair na Gaillimhe agus An Clochán |
| Ciarraí | Daingean Uí Chúis, Trá Lí agus Cathair Saidhbhín |
| Corcaigh | Cathair Chorcaí agus Maigh Chromtha |
| Port Láirge | Dún Garbhán |
| An Mhí | Baile Átha Buí agus An Uaimh |
Tá sé aontaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge go ndíreofar i dtús báire ar Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis agus Cathair na Gaillimhe.
Tá freagraí ar cheisteanna coitianta maidir le Bailte Seirbhíse Gaeltachta ar fáil anseo.
