An Mhí

Ráth Cairn
Ráthcairn

Lonnaithe ó thuaidh go Bhaile Átha Cliath ar chósta thoir na hÉireann, Tá stair Ghaeltacht na Mí beagán difriúil ón stair atá ag na ceantair eile sa tír ina labhraítear Gaeilge. Is pobal athlonnaithe a bhí i  bpobal Ghaeltacht na Mí toisc, sna tríochadaí, gur athdháil Rialtas na hÉireann eastáit mhóra na dtiarnaí talúna neamhchónaitheach ar fheirmeoirí as ceantair Ghaeltachta Chonamara, Mhaigh Eo agus Chiarraí mar fheirmeacha beaga. Nuair a d’fhill na daoine seo ar chontae na Mí, thug siad leo a dteanga agus a gcultúr dúchasach agus is mar gheall air seo gur bunaíodh Gaeltacht na Mí. Tá dhá cheantar ar leith i nGaeltacht na Mí – ceantar Bhaile Ghib agus ceantar Ráth Chairn.

Turasóireacht

Tá cáil ar leith ar chontae na Mí mar cheantar a bhfuil oidhreacht ársa aige agus is lárcheantar de chuid Sean-Oirthear na hÉireann é. Is i gcontae na Mí atá Gleann na Bóinne, ceann de na láithreacha seandálaíochta is ársa in Éirinn agus tá caisleáin cháiliúla i mBaile Átha Troim agus i mBaile Shláine chomh maith. Ceantar é contae na Mí a bhfuil go leor den nua-aimsir le feiceáil ann chomh maith, áfach, agus tá oirthear an chontae buailte le príomhchathair na tíre. Ceantar sainiúil ar fad is ea Gaeltacht na Mí mar gheall ar an stair uathúil atá aige agus cé gur ceantar beag é atá timpeallaithe ag ceantair nach bhfuil an Ghaeilge chun cinn iontu, tá an Ghaeilge bheo agus an cultúr a bhaineann léi ar an bhfód i gcónaí. Is iomaí deis atá ag cuairteoirí agus muintir na háite blaiseadh den chultúr sin a fháil i gcaitheamh na bliana ag go háirithe i rith féilte áitiúla cosúil le Féile na Mí (Samhain) agus Féile na Gealaí (Meitheamh).

Fiontraíocht & Pobal

Tá Gaeltacht na Mí uathúil i measc Ghaeltachtaí na hÉireann mar go bhfuil sé in oirthear na tíre agus gar do chathair Bhaile Átha Cliath. Tugann sé sin go leor deiseanna don fhiontraí a lonaíonn sa cheantar. Tá an ceantar gar do go leor institiúidí tríú leibhéal, tá fórsa oibre le hardscileanna agus le hardoideachas ann, agus tá infreastruchtúr d’ardchaighdeán ar fáil. Is é an déantúsaíocht an príomhthionscal i gContae na Mí le béim ar throscán d’úsáid baile agus tráchtála ach mar aon le ceantair eile Gaeltachta, tá béim níos mó á cur anois sa cheantar ar fhiontraíocht áitiúil, ar ghnóthaí beaga agus ar chianoibriú.  Tá buntáistí an dá thrá ar fáil do mhuintir Ghaeltacht na Mí ó thaobh caighdeáin saoil de mar gur ceantar tuaithe é le pobal agus cultúr láidir ach go bhfuil sé bunaithe gar do ardchathair na tíre agus do bhailte móra na Mí. Tá fáil éasca ag muintir Ghaeltacht na Mí  ar Bhaile Átha Buí, ar Bhaile Átha Troim, ar Cheanannas agus ar an Uaimh agus ar na háiseanna ar fad sna lárionaid sin idir siopaí, scoileanna, áiseanna iompair agus araile.

Firicí

  • Tá daonra 220,296 (Daonáireamh 2022) i gContae na Mí
  • Is í Gaeltacht na Mí, ina bhfuil an dá bhaile Rath Cairn agus Baile Ghib atá cóngarach dá chéile, an ceantar Gaeltachta is lú
  • Tá daonra de 1,857 (Daonáireamh 2016) i nGaeltacht na Mí agus is ionann seo agus 1.9% de dhaonra iomlán na Gaeltachta;
  • Tá achar geografach 44 km2 i nGaeltacht na Mí. Is ionann seo agus 1% de thalamh uile na Gaeltachta
  • In 2019, bhí 210 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliant-tionscadail de chuid Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht na Mí.

Córas Iompair

Tá Gaeltacht na Mí gar do mhotorbhealaía an M2/N2 go Baile Átha Cliath/Doire agus an M3/N3 go Baile Átha Cliath agus an Cabhán.

Seirbhísí Aeir

Tá aerfort Bhaile Átha Cliath níos lú na uair a chloig ó Ghaeltacht na Mí agus is feidir eitilt go háiteanna ar fud na cruinne uaidh.

Seirbhísí Iarnróid

Freastalaíonn líne Bhaile Átha Cliath/Shligigh, líne Bhaile Átha Cliath/Bhéal Feirste agus traenacha reigiúnacha ar Chontae na Mí.

Tuilleadh eolais: irishrail.ie

Seirbhísí Bus

Cuireann Bus Éireann seirbhísí ar fáil as Baile Átha Cliath, Sligeach agus áiteanna eile go Contae na Mí. Tá an Mhí insroichte go héasca le seirbhísí rialta bus a chuireann Bus Éireann ar fáil as Baile Átha Cliath.

Tuilleadh eolais: buseireann.ie

Seirbhísí Leighis sa réigiún

  • Ospidéal Mhuire, An Uaimh
  • Ospidéal Mhuire Lourdes, Droichead Átha

Oideachas Tríú Leibhéal

Tá raon leathan institiúidí tríú leibhéal in aice láimhe i mBaile Átha Cliath ina n-áirítear:

  • Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath dcu.ie
  • Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath tcd.ie
  • An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ucd.ie
  • Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath tudublin.ie

Tuilleadh Eolais

Tá gach ní a bheadh á lorg ó thaobh caitheamh aimsire ar tairiscint i gContae na Mí idir ghalf, eachaíocht, shiúlóidí, iascaireacht slaite, iascaireacht, spórt uisce, ealaíona agus ceardaíocht agus rothaíochta. Tá eolas ar fáil ar na nithe seo agus eile ar:

irelandsancienteast.com/
discoverireland.com

Cliantchomhlachtaí i gcontae na Mí de chuid Údaras na Gaeltachta