Preas Ráiteas
D’oscail an Taoiseach Éanna Ó Cionnaith, TD, Ionad Chultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc ar an 10 Samhain 2016.
Tá Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh ar cheann d’ocht mórthionscadal a forbraíodh mar chuid den Chlár Comórtha Céad Bliain agus tá lúcháir ar an Údarás go raibh sé d’acmhainn aige páirt lárnach a bheith aige sa gcomóradh stairiúil sin. Is ionann an tIonad seo agus seoid luachmhar le breis cuairteoirí a mhealladh chuig an cheantar. Cuirfidh an tIonad agus na háiseanna atá forbartha mar pháirt de, le Teach an Phiarsaigh mar shéadchomhartha náisiúnta agus beidh sé mar cheann scríbe tarraingteach le turasóirí a tharraingt ar feadh na mblianta fada amach romhainn.














